Fáilte an Chonartha roimh mholadh na hEorpa

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge Roimh Mholadh na hEorpa Go nÚsáidfí An Ghaeilge I gCúirteanna Thuaisceart Éireann

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Uladh roimh thuairisc Chomhairle na hEorpa a nótálann nach féidir leis an Rialtas ó thuaidh údar a thabhairt don chosc ar úsáid na Gaeilge atá i bhfeidhm sna cúirteanna, agus iarrann ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann reachtaíocht a achtú chun cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge sna Sé Chontae a chosaint mar ábhar ollphráinne.

Athbhreithniú ar mhionteangacha sa Ríocht Aontaithe atá sa tuairisc, arna foilsiú ag Comhairle na hEorpa inniu (Déardaoin, 16 Eanáir 2014), áit a luaitear go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont agus easpa thacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas, rud atá tar éis “treampán a chur ar fheidhmiú tráthúil, éifeachtach” Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda nó Mionlaigh ar fud na Ríochta Aontaithe.

Deir Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge:

“Fáiltíonn Comhaltas Uladh agus Conradh na Gaeilge roimh thacaíocht Chomhairle na hEorpa i dtaca le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna i dTuaisceart Éireann, ar chomharthaí sráide dátheangacha ó thuaidh, agus ag ceadú do dhaoine trialacha saoránachta a ghlacadh trí Ghaeilge sna Sé Chontae, agus impíonn muid ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann gníomhú láithreach leis an scéal a chur ina cheart.”

 

“In uireasa chomhdhearcadh polaitíochta i leith na Gaeilge, agus i bhfianaise “atmaisféar naimhdeach leanúnach” Fheidhmeannas Stormont mar a nótáladh i dtuairisc Chomhairle na hEorpa, tá bac curtha le fada an lá ar Acht Gaeilge atá riachtanach chun cearta cainteoirí Gaeilge ar an oileán seo a chosaint.”
I ndiaidh moilleanna agus iarrachtaí bac a chur le hiarratais ar ainmneacha sráide dátheangacha, leagann tuairisc Chomhairle na hEorpa béim ar an fhéidearthacht gur sáraíodh Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda nó Mionlaigh, agus nótálann gur iomaí constaic atá ag cur bac ar sholáthar dóthanach de naíonraí Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Éilíonn an tuairisc go nglacfaí céimeanna cinnte chun tosaigh le freastal ar an fhás san éileamh ar bhunoideachas trí Ghaeilge, go ndéanfaí bearta chun aistriúchán comhuaineach a cheadú san Fheidhmeannas, agus go gcuirfí deireadh leis an chosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Sna sála ar oscailt an ionaid lánGhaeilge in oirthear dílseach Bhéal Feirste chun freastal ar an méadú i líon na bhfoghlaimeoirí Gaeilge Protastúnacha le déanaí, agus ag tógáil ar an rath atá bainte amach ag an bhfeachtas Líofa chun daoine ó gach pobal i dTuaisceart Éireann a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim, is léiriú tráthúil é foilseacháin na tuairisce seo de chuid Chomhairle na hEorpa go bhfuil spás ann le tacaíocht thrasphobail a chothú i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge, más ann don dea-thoil pholaitíochta chuige.”
Tá Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Uladh ag impí ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann aisghairm a dhéanamh ar an Acht um Riar na Córa (Teanga) (Éire) 1737 – a chuireann cosc ar úsáid teanga ar bith eile seachas an Béarla in imeachtaí cúirte – agus chun cur chun cinn na Gaeilge a chur roimh an pholaitíocht le cearta teanga agus comhionannas a thabhairt do phobal na Gaeilge ó thuaidh

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive