Fáilte an Choimisinéara Teanga roimh chinneadh an rialtais

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, roimh chinneadh an Rialtais deireadh a chur leis an bplean Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Dúirt an tUasal Ó Domhnaill gur cinneadh ciallmhar praiticiúil a bhí ann deireadh a chur leis an gcónascadh a bhí beartaithe. Bhí an méid seo le rá ag Rónán Ó Domhnaill: “Cuirim fáilte roimh fhógra an lae inniu. Cosnaíonn cinneadh an Rialtais neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga agus tá deireadh anois le haon éiginnteacht faoin stádas a bheidh ag an Oifig amach anseo.”

 

Tá an chéim is deireanaí maidir le leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, is é sin foilsiú cheannteidil an Bhille, nótáilte ag an gCoimisinéir Teanga freisin. Tá an deis ann agus an Bille seo á thabhairt os comhair Thithe an Oireachtais go dtabharfaí aird ar an tráchtaireacht a d’eisigh Oifig an Choimisinéara Teanga ar fheidhmiú an Achta agus go gcuirfí san áireamh na moltaí a bhí sa tuarascáil sin.

Dúirt an tUasal Ó Domhnaill: “Tá deis sa Bhille nua cearta teanga do lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht a threisiú. Creidim gurb é an bealach is fearr chun é sin a dhéanamh ná na moltaí atá curtha chun cinn ag Oifig an Choimisinéara Teanga, bunaithe ar a taithí le 10 mbliana anuas, a chur i bhfeidhm.”

Tá an Coimisinéir Teanga ag súil leis an deis dul i mbun cainte leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta maidir leis na leasuithe atá molta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 13:06:49

Admin/login Comments RSS

ILBF