Eusebio – Portaingéalach an chic mhóir ar shlí na Fírinne

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
Eusebio – Portaingéalach an chic mhóir ar shlí na Fírinne
Le Gearóid Ó Cairealláin
Le tamall anuas tá cur agus cúiteamh nach beag ann maidir le hathruithe molta ar struchtúr na gcomórtas peile agus iomána den Chumann …Lúthchleas Gael. Ar taobh amháin tá siad sin a deir go bhfuil athrú agus athrú mór de dhíth go géar. Ar an taobh eile den scéal tá daoine eile ann a mhaíonn nach bhfuil a dhath cearr leis an Chraobh ná an tSraith Náisiúnta agus nach gá an rud nach bhfuil briste a choiriú! Is fada an t-ábhar comhrá agus an díospóireachta seo á chioradh agus agam féin go pearsanta fosta. Agus ní nós liom argóint a sheachaint. Mar sin de, seo linn …….. Sa chéad dul síos measaimse go bhfuil an tír – agus an CLG – róbheag chun dhá chomórtas mhóra a iompar in aghaidh na bliana. B’fhéarr i bhfad comórtas mór maith amháin agus seo mo mholadhsa…… tá dhá chontae is tríocha againn. Mar sin de sa chéad chéim molaim ocht rannóg de cheithre chontae an cheann – tarraingt oscailt a shocródh leagan amach na rannóg éagsúil. Rachaidh an buaiteoir agus an tanáiste as gach rannóg ar aghaidh go dtí céim a Dó. Sin Sé Chontae déag (más ceart mo chuid Mata!) ag imirt i gcoinne a chéile sa chéim seo ar bhonn leagtha amach. Mar a gcéanna leis an ochtar a thiocfadh amach go dtí céim a trí – na babhtaí ceathrú ceannais, ansin ar aghaidh linn go dtí na babhtaí leathcheannais agus an cluiche ceannais é féin. An buntáiste is mó ná go mbeidh neart cluichí ag gach contae gan féacháil dul i muinín chúldorais chomh maith le sásamh a bheith ar fáil dóibh siúd a chreideann go daingean sa tarraingt oscailte. Agus doibhsean ar an taobh eile den chlaí áirithe sin bheadh fadhbanna le réiteach idir seo agus tús an chomórtais nua, go háirithe i dtaca le mic léinn ag fulaingt dóú amach idir club is coláiste is contae (níor dhúirt mé go mbeadh sé ina chosán réidh uilig , ar dhúirt?) Agus beidh traidisiúnaithe ann ar leisc leo scaoileadh leis na craobhacha cúige . I dtaca le hainm don chomórtas nua mholfainn ‘An tSraith Chraoibhe’ nó dóibh siúd atá fós gafa le teanga na nGall ‘The All Ireland Series’ agus tá mé ag déanamh go mbeadh an tír uilig go léir sáite ann taobh istigh de , abraimís, cúig bliana nó mar sin. Más ceadmhach dom é ba mhaith liom díriú ar chód péile eile….. tá lucht spórt agus leantóirí sacair go háirithe, ag caoineadh chaill Eusebio, an Portaingéileach draíochtúil sin a d’éag le déanaí. Le linn Chorn Domhanda 1966 a tháinig Eusebio chun cinn (cé seo a bhuaigh an Corn Domhanda in 1966?) Murach Pele mheasfaí Eusebio ar an pheileadóir sacair ab fhearr riamh. Agus a Dhia ár sábháil, ach ba é an fear beag sin a bhí abálta liathróid a chiceáil le cumhacht. Níorbh fhiú dóibh balla cosantóirí a thógáil os a chomhair amach. Bhearfadh an Pantéir Dubh an liathróid isteach do bhol agus amach do dhroim agus ar aghaidh isteach san eangach. Chonaic mé Eusebio ag imirt beo beatha an aon uair amháin. Go luath sna naoi déag seachtóidí tarraingíodh Glentoran (as Oirthear Bhéal Feirste) i gcoinne Benfica i gCorn na hEorpa mar a bhí san am. Cé nárbh é sin an taobh s’agams den chathair thug m’athair go dtí an chluiche mé ar mhaithe le Eusebio a fheiceáil. Is cuimhin liom go maith go fóill an cic saor a thóg sé, breis agus fiche méadar amuigh ón chúl báire. Roicéad!!! Lúb sé thart ar an bhalla é gur leag sé sa chúl é. Cic chomh láidir sin is gur ghreamaigh an liathróid ar chúl an líontáin! Sin an liathróid ina suí i measc na bpobal is na sreang, cúl báire Glentoran ina staidín, agus an lucht féachána taobh thiar den chúl ina seasamh ar bhéal ar leathadh agus iad idir creidiúint agus neamhchreidiúint. Chomh maith leis an chic dostopaithe sin áfach, bhí Eusebio thar a bheith abálta dul ar rith aonair draíochta síos an sciathán nós George Best s’againn féin! Ar fhoireann síoraí na bhFlaitheas go raibh sé!

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 01:40:11

Admin/login Comments RSS

ILBF