Eolaire laethúil TG4 ó 21 Nollaig go 3 Eanáir

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Nollaig 2013 ar TG4

Eolaire Laethúil 21  Nollaig – 3 Eanáir

 

Satharn 21 Nollaig

 

Rugbaí Beo     6.45pm

Beochraoladh ó Pháirc Musgrave i gCorcaigh ar choimhlint na gcomharsan, Mumha v Connachta sa gcluiche tábhachtach seo i Sraith RaboDirect PRO12. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.

 

Domhnach 22 Nollaig

 

Seó Spóirt: Súil Siar Peile   2.55pm

Dara Ó Cinnéide agus a chairde ag caitheamh súil siar ar bhliain shuimiúil pheile d’fhir agus do mhná.  Is iomaí cor a tharla sa tSraith agus sa gCraobh, gan trácht ar Chraobh Club agus na comórtais faoi aois.  Is iad Tomás Ó Sé, Jarlath Burns, David Henry, Ciarán Kilkenny  agus  Valerie Mulcahy a bheith leis.

 

Cluiche Ceannais Iomána   3.55pm

Ag an am, cheapamar nach bhféadfaí an cluiche seo a shárú – ach seans nach raibh ann ach géarú goile don rud a bhí le theacht.  Seo  mar a tharla nuair a thug ógánaigh an Chláir, faoi chúram Davy, aghaidh ar Chorcaigh, ál Jimmy Barry Murphy, ar an gcéad  Domhnach de Mheán Fómhair  i bPáirc an Chrócaigh.  0-25  le 3-16, comhscór, a bhí ann ag an deireadh.

 

Maidhc Dainín Ó Sé   5.25pm

D’éalaigh sé uainn i lár na bliana agus caoineadh go dúch é i measc a mhuintire agus ina dhúthaigh féin.   Bhí fear Charracháin ar dhuine de mhór-phearsain na Gaeltachta agus na Gaeilge – ceoltóir, údar, file, craoltóir agus fear seoigh.  B’é Oireachtas na Gaeilge faoi Shamhain ceann de bhuaiceanna na bliana ag Maidhc i gcónaí.  Ba chuí mar sin gur ag féile na bliana seo, i Cill Airne faoi Shamhain,  a bhailigh a chairde agus a lucht aitheantais Oireachtais an athuair le hómós a thabhairt dó ar bhealach a thaitneoidh go mór leis féin – le cuideachta, amhráin, ceol agus rince. Bí Siún Nic Gearailt bean an tí ag an ócáid speisialta bheochraolta seo agus scoth na n-oirfideach ina timpeall agus muintir Uí Shé féin ina lár.

 

An Jig Gig   7.15pm

Tá muid tagtha go huair na cinniúna agus gan fágtha ach cheithre iomaitheoir sa mbabhta ceannais.   Is fada an t-aistear atá tugtha acu agus beidh na moltóirí – Breandán, Dearbhla agus Labhrás ar a mine géire i mbun breithiúnais chun buaiteoir a fháil.    Tabharfaidh fear an tí Aindrias, misneach do na hiomaitheoirí ach ní bheidh ann ach buaiteoir amháin faoi dheireadh.

 

Jockey Eile   8.15pm

Beidh rith an ráis le duine éigin anocht mar gurb é seo an clár ceannais, buaic na sraithe agus an rás cinniúnach le rith i dTeach na Sí.  Cuirfidh na saineolaithe, Davy Russell agus Barry Geraghty  comhairle ar fáil agus beidh SBB agus Joe Connolly ar faire go géar mar go bhfuil geall eatarthu sin le socrú anocht freisin.

 

Tar Abhaile   9.30pm

Clár eile sa tsraith nua ina bhfeictear pobail áitiúla in Éirinn ag cur fáilte mhór roimh dhaoine as gach cearn den domhan atá sa tóir ar a sinsear Éireannach sa dúthaigh sin.   Is minic a dhéanaimid dearmad ar an mian atá ag daoine de shliocht na tíre seo a sinsir a rianú agus teacht ar fhód dúchais a muintire rompu.

 

Is i Maigh Eo a bhéas Evelyn O’Rourke  le Pat  Sanderson as Yorkshire  agus Chuck Feerick as Virginia sna Stáit Aontaithe atá ag cur le heolas a mhic ar a dhúchas ansin.


Féilte ó Londain  10pm

Níl teach ósta imirceach chomh haitheanta leis an Crown i gCricklewood  Londain agus is ann atá Caoimhe Ní Chonchoille don eagrán speisialta seo den chlár ceoil agus comhluadair.    Is iomaí deoraí Gaelach a chaith cuid den Nollaig sa gCrown i gCricklewood i lár an chéid seo caite.  Is iomaí athrú tagtha ar an áit – agus ar na daoine – ó shin.


 

Luan 23 Nollaig

BB agus Bella  8.10am

Sraith úrnua  cartúin Gaeilge do pháistí beaga idir 6 mhí agus 5 bhliana d’aois.  Eachtraí beirte is ábhar don scéal, cailín beag agus a cara, an teddy.  Tarlaíonn iontais go leor dóibh sa bhforaois draíochta, áit atá lán do rudaí ar féidir foghlaim uathu – dathanna, cruthanna, cairde, agus ainmneacha.   Tá an tsraith nua seo bunaithe ar an saineolais foghlama nua atá tagtha chun cinn – agus aisteoirí aitheanta (ina measc Carrie Crowley agus Diarmuid de Faoite) ag guthú.

 

CU Burn    11.40am

An tsraith ghrinn is túisce – agus is fearr freisin b’fhéidir – a choimisiúnaigh TnaG sular baisteadh TG4 air.  Seo eachtraí an bheirt deartháir Conallach atá i mbun gnó adhlacóireachta – ach is fearr leo an bóthar cam i gcónaí agus ní fhéadfaí aon ghradam éifeachtachta gnó a bhronnadh orthu ach oiread.  San eagrán, seo tá Charlie ag iarraidh coirp don ghnó nua agus is sa loch a chríochann an eilteatram.

 

Bábóga Crolly    3.35pm

Bhí cáil ar fud an domhain ar na bréagáin seo de dhéantús na Gaeltachta i dTír Chonaill.  Bhí an monarcha ar cheann de na hionaid fhostaíochta ab fhearr sa dúthaigh go dtí gur dúnadh é i 1979.   Sa gclár faisnéise seo, téann muid siar ar bhóithrín na smaointe leo sin a bhí fostaithe san áit agus iad ag cur síos ar an mórtas a bhain leis agus ar an gcairdeas a cothaíodh sa bhfoireann oibre.

 

Ó Bhéal go Béal    6.20pm

Seo an Nollaig mar a bhíodh in Éirinn fadó – tugtha chun cuimhne le cabhair grianghrafanna ón ré sin.  Nuair a bhí daoine beo ar an mbeagán, bhain draíocht agus iontas ar leith leis an Nollaig agus leis na deasghnátha agus na nósanna a ghabh leis, faoin tuath, ar oileáin agus sna bailte móra.   Seo iad arís anois, mar a cuireadh síos orthu ag an am.

 

 

 

Tóstal i gCarna    8pm

Cé gur feachtas náisiúnta a bhí sa Tóstal ar go leor bealach, leagadh an-bhéim ar na imeachtaí a heagraíodh go háitiúil.  Bheartaigh pobal Charna i nGaeltacht na Gaillimhe a dTóstal féin a thionól mar chuid de na himeachtaí Lá ‘le Mhic Dara i lár mhí Iúil.  Is é seo an naomh áitiúil a bhfuil deabhóid ar leith ag bádóirí dó agus a mbíonn triall na gcéadta ar a oileán beag ar lá na Féile.

 

Shocraigh clann Mhic Dhonncha, sloinne atá thar a bheith coitianta sa bparóiste, a dTóstal féin a eagrú i bpáirt leis an ócáid agus chuir gairm scoile ar fud an domhain ag tabhairt cuireadh don uile dhuine den sloinne sin bheith i láthair.

 

Seo mar a d’éirigh leo ar fad.

 

 

Seó Spóirt: Súil Siar ar an Iomáint     8.30pm

Deir na saineolaithe agus na staraithe linn go raibh 2013 ar cheann de na blianta ab fhearr riamh ag an iomáint.   Is iomaí cluiche iontach a himríodh ó thús na Sraithe Náisiúnta go dtí Craobh na hÉireann agus beidh caint go deo ar an éacht  a rinne fir óga an chláir sa gcluiche ath-imeartha sin ag deireadh Mheán Fómhair.

Seo Dara Ó Cinnéide agus a chompánaigh Diarmuid Lyng, John Allen, Ger Loughnane agus Liam Rushe, i mbun comhrá faoin imirt agus faoi réaltaí fuinseoige na bliana.

 

Oíche Nollag

 

An Nollaig Fadó   5.55pm

Súil siar ar an bhféile mar a bhí seasca bliain ó shin.  Sula raibh teilifís ná fón ná Idirlíon ann, b’í an Nollaig buaic na bliana agus rinne gach teaghlach, dá bhoichte é, iarracht an teach a mhaisiú agus cuimhneamh ach go háirithe orthu sin a bhí as baile ar imirce – i Sasana, in Albain nó i Meiriceá.     Féile eaglasta ab ea í freisin agus riachtanais ar leith deabhóide ag roinnt léi.

 

An Nollaig Linn    7.15pm

Síle Ní Bhraonáin i mbun comhluadair ceoil i dteach ósta O’Connors i mBóthar na Trá i nGaillimh, áit a mbeidh Lucia Evans, Eleanor Shanley agus go leor eile ann ag seinm cheoil, ag canadh agus ag damhsa.

 

Ros na Rún    8.30pm

Tá Cathal fillte agus é ar intinn aige iarracht eile a dhéanamh Berni a mhealladh.   Ní mó ná sásta atá sé go bhfuil a chuid balcais ar fad caite amach ar an tsráid ag Vince agus is measa leis an bealach a bhfuil Tadhg agus Lee chomh mór le chéile.  B’fhearr le Katy nach mbeadh Vince sa mullach uirthi féin agus John Joe faoi Nollaig agus cé nach bhfuil aon áit eile aige, bailíonn Vince leis le grá don réiteach.

Is i bhfolach atá Séamus mar go bhfuil a chuid poitín goidte agus go leor dá chuid custaiméirí dílse sa tóir ar a mbuidéal bliantúil den ‘stuif glas’ uaidh, rud nach bhfuil aige dóibh.  Níl fhios ag Séamus cé a ghoid uaidh é – ach tá tuairim ag Ó Conchubhair.

 

Ceol Daniel    10.05pm

Clár speisialta Nollag ó amhránaí na Rossa agus téama spioradálta lena rogha amhrán san eagrán seo.

 

Tommy Fleming –  Beo in Ardeaglais Phádraig     11.05pm

An t-amhránaí rua as Sligeach i mbun coirme i gceann de na heaglais is cáiliúla i  mBaile Átha Cliath.

 

Lá Nollag

Scread Asail     2.30pm

Clár faisnéise faoin ngean ar leith atá ag na Gaeil ar an asal.  Ar feadh i bhfad b’é an

t-asal capall an bhochtáin – ag saothrú leis an bhfeirmeoir beag sa ngarraí, ar an bportach agus ag tabhairt an bhainne chun na huachtarlainne nó ag obair ar an gcladach.

 

Anois, tá a ré oibre caite ach tá daoine ann fós ar breá leo asal a bheith mar chomhluadar acu.

 

Súil Siar Steip 2013    5.30pm

Bhailigh na céadta isteach san INEC i gCill Airne faoi Shamhain do Chraobhacha Oireachtas na Gaeilge sa Damhsa ar an Sean-Nós.  Mar is iondúil, bhí ceamaraí TG4 i láthair freisin agus seo anois na buaicphointí ón tráthnóna iontach damhsa sin, á chur i láthair ag Joe Ó Dónaill.

 

Siar an Bóthar    7.20pm

Eagrán speisialta Nollag agus taiscí iontacha ceoil cartlainne dúinn ag Nioclás Ó Cearbhalláin, ina measc Séamus Tansey (Sligeach) agus  Conall Ó Gráda (Corcaigh) ar na feadógaí móra i gcuideachta Paddy Glackin (Áth Cliath) ar an bhfidil.  Cloisfear agus feicfear freisin mír le Máirtín Gaffney ar an bhfeadóg mhór agus Brian Caffrey ar an mbosca ceoil.

 

Seamus Heaney     8.45pm

Eagrán speisialta ómóis ag an gclár cultúir  Imeall  ar an bhfile iomráiteach as Doire a bhásaigh ag tús an Gheimhridh.  B’as ceantar beag tuaithe i ndeisceart Dhoire dó ach thuill a chumas iontach filíochta cáil idirnáisiúnta – agus Duais Liteartha Nobel – don fhear séimh cneasta seo.

Tugtar cuairt ar fhód a dhúchais – agus áit a adhlactha – i mBéal Achaidh – agus a chairde agus lucht litríochta ag cur síos ar a shaothar agus ar a phearsantacht gheanúil, ina meas Paul Muldoon, Ciarán Carson agus an píobaire Liam O’Flynn.

 

Geantraí na Nollag    9.15pm

Is i gCaisleán Chionn Eitigh in Uíbh Fhailí a taifeadadh an seisiún speisialta ceoil traidisiúnta seo agus an Corcaíoch ceolmhar geanúil, John Spillane ina fhear an tí.  Ar na ceoltóirí a bhailigh sé ina thimpeall, bhí The High Kings, At First Light, Teaghlach Uí Chinsealla,  Máirtín O’Connor, Zoe Conway, Dónal Lunny, Tara Breen agus Lydia Warnock agus na duaiseoirí Oireachtais Máire Ní Chéileachair (amhránaí) agus Proinsias Ó hIarnáin   (damhsóir).

 

Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste    10.20pm

Nuair a bhásaigh sé go tobann, beagán le cois bliana ó shin, thug an tír  ar fad ómós don fhear cáiliúil seo as Corca Dhuibhne.  Mheasfá ó na colúin nuachtán agus na hagallaimh chraolta go raibh aithne mhaith ag chuile dhuine sna meáin air – agus ar b’fhíor go raibh, ar leibhéal amháin.

Ach i measc a phobail féin, bhí stádas ar leith aige  agus sa gclár nua pearsanta seo  féachann duine de na comharsain sin, Louise Ní Fhiannachta, le friotal a chur ar an nasc ar leith sin a bhí ag fear Ard a’ Bhóthair lena mhuintir féin.  Turas atá sa gclár agus í ag labhairt lena theaghlach, lena ghaolta agus lena dhlúth-chairde Duibhneacha faoin bhfear, faoin bpeileadóir agus ach go háirithe faoin laoch áitiúil a rinneadh de mar imreoir, mar bhainisteoir,  mar urlabhraí thar a gceann agus mar ionadaí dóibh.

Orthu sin atá páirteach sa gclár, tá a bhaintreach, Máire Uí Shé agus a chlann Neasa, Siún  agus Pádraig Óg, a chomharsain  Muiris Ó Fiannachta, Joe Bán Ó Sé agus  Seán Ó Catháin, a dheartháir  Tom Ó Sé, a nia Feargal Ó Sé agus a chara go buan, an craoltóir Micheál Ó Sé.


Lá ‘le Stiofáin

 

Máire an Chlocháin Léith   3pm

Scéal na mná a spreag an t-amhrán a thuill cáil don bhaile sna Rossa.  Is iomaí uair an t-amhrán canta ach is  beag  ár n-eolas ar an mbean féin.   Is léir ón taighde a rinneadh don chlár faisnéise seo gur scéal brónach imirce  é scéal Mháire agus gur iomaí bean óg eile a d’imigh ar imirce go dtí an taobh eile den domhan agus nár fhill riamh abhaile.

 

Capaillíní Chonamara   7.45pm

Clár nua faisnéise faoi cheann de na hainmhithe is dúchasaí dá bhfuil againn ach gur beag mheas a bhí air go dtí le gairid.   Bhí an tráth ann agus ba mhaith an fear a gheobhadh chúig phunt ar an gcapaillín beag spreagúil seo – ach anois tá tóir ar fud an domhain air agus deis acu sin a bhfuil an scil sin acu na scórtha míle euró a fháil ó cheannaitheoir sa tír seo nó thar sáile.

 

Is é an stiúrthóir aitheanta faisnéise, Donnacha Ó Briain a rinne an clár seo ina riantar bliain i saol lucht na gcapaillíní.  Tugtar cuairt ar lucht póraithe agus ar mhór-ócáid na bliana, Seó na gCapaillíní sa gClochán  i lár Lúnasa.  Feicfear freisin breith an tsearraigh – rud nach facthas riamh ar an teilifís mar go mbíonn an láir thar a bheith cuthaileach agus amhrasach faoi aon chomhluadar a bheith aici le linn na breithe.   Orthu sin atá páirteach sa gclár tá Mossy Seoighe as Inis Mór, duine de na saineolaithe is eolasaí ar fad ar na capaillíní seo.

 

Glaoch an Cheoil   9.20pm

Buaic na sraithe agus na rannpháirtithe – agus a gcuid meantóirí – tagtha go hÁras an Uachtaráin lena gcumas a léiriú don Uachtarán, Micheál D Ó hUiginn.    Tá an obair mhór déanta agus uaireanta an chloig caite acu ag cleachtadh – ach is céim eile ar fad teacht i láthair an Uachtaráin – pátrún dílis na n-ealaíon ar feadh a shaoil – agus port nó amhrán a sheinm.


 

Aoine 27   Nollaig

 

Rugbaí Beo     6.45pm

Bíonn géire ar leith sa gcoimhlint chomharsanach agus is é a fhearacht sin i gcónaí é nuair a thugann Connachta agus Mumha aghaidh ar a chéile sa rugbaí.  Is i bPáirc Thuamhain atá an cluiche Sraithe RaboDirect seo le himirt agus tar éis ghaisce Chonnachta i Toulouse i dtús na míosa, ní bheidh fuacht ná faitíos orthu roimh lucht na ngeansaithe dearga.  Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill  an láithreoir.

 

Seán Ó Sé – An Pocar    9.25pm

Tá fear Bhéal Átha Leice i mbun amhránaíochta agus siamsaíochta le breis is seasca bliain – ach is le Ceoltóirí Chualann faoi stiúir Sheáin Uí Riada a thuill sé cáil ar dtús, is dócha.  Is óna leagan spreagúil den Phoc ar Buile  sa tréimhse sin, a thuilleann an clár nua seo a theideal.  Seo anois é i gcuideachta a chairde, Mick Flannery, John Spillane, Jim Murray agus Peadar Ó Riada, ag ceol, ag comhrá agus ag cuimhneamh ar ‘na laetha a bhí’.

Múinteoir dílis ab ea é chomh maith le bheith ina phearsa poiblí agus ina amhránaí agus ba dheacair dó uaireanta, an dá a fhreastal, mar a mhíníonn sé sa gclár seo.


Satharn 28Nollaig

 

Francie Mooney     3.25pm

Clár faisnéise faoi fhear ceolmhar ildánach suairc Gaelach, ceannródúil.   Má tá cáil ar fud an domhain ar chlann Uí Mhaonaigh as Gaeltacht Thír Chonaill as a gcuid ceoil, is do Francie Mooney atá go mór den chreidiúint ag dul.   Ceoltóir, file, drámadóir múinteoir agus peileadóir cumasach a bhí ann agus tá na buanna sin – nó cuid acu – faighte le hoidhreacht ag a chlann agus ag a gclann siúd arís.

Fuair sé saol fada agus gradam go leor lena linn- Uachtaránacht Oireachtas na Gaeilge ina measc – ach bhí sin tuillte go maith ag an bhfear a chum an t-amhrán iomráiteach Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair.

Ceiliúradh ar a shaol agus ar a shaothar atá sa gclár seo.

 

Cluichí na Bliana     7.15pm

Seo do sheans breathnú arís ar chuid de na cluichí is fearr peile agus iomána a himríodh ó thús na bliana.  Bhí go leor acu ann agus beidh sé ina dhíospóireacht go ceann i bhfad faoin cé acu ab fhearr.


Domhnach 29 Nollaig

 

Brendan Bowyer 8.15pm

Clár ceoil agus cuimhní le fear Phort Láirge, an t-amhránaí is aitheanta ó ré órga na seó-bhannaí.    Ó tháinig sé i láthair an phobail ar dtús i dtús na seascadaí leis an Royal Showband, thuill sé cáil agus clú.    Is iomaí cor tarlaithe ina shaol ó shin – bás óg tubaisteach a chomhghleacaí  ceoil Tom Dunphy i dtimpiste, a dhúil iomarcach féin san ól agus a shaol pósta a bhí corrach go maith uaireanta.

Labhraíonn sé freisin faoina ghean as Las Vegas, áit a gcaitheann sé go leor dá chuid ama anois ag ceol i mór-chathair na siamsaíochta i Meiriceá Thuaidh. Anois agus é 75 bliain d’aois, tá sé fós ag canadh go binn, mar is léir óna oirfideadh sa gclár seo.

 

Spillane an Fánaí  10pm

Eagrán speisialta, uair an chloig den chlár ina bhfuil an Corcaíoch siúlach ceolmhar John Spillane ar a chamchuairt, ag caitheamh seal seachtaine i mbaile beag, ag cur aithne ar mhuintir na háite agus eolas ar a gcultúr agus é ag obair i dteach ósta aitheanta áitiúil.  Tá de dhúshlán breise roimhe amhrán nua a chumadh ag ceiliúradh na háite agus ag comóradh a sheal ann.

Is i gCluainín i gCo Liatroma  a bhí sé don eagrán seo agus é ag obair ar chúl an chuntair Tigh Herahty ansin ar an bpríomhshráid agus Tommy agus Bernie an tí sin á threorú.


Luan 30 Nollaig

 

Geantraí – The Chieftains 50 Bliain   3.10pm

Clár speisialta ceiliúrtha, á chur i láthair ag Páidí Ó Lionáird agus an grúpa ceoil traidisiúnta is faide saoil agus is fairsinge cáil ag ceiliúradh iubhaile órga a mbunaithe.  Tá Paddy Moloney  agus a chomhgleacaithe tamall fada ar an mbóthar agus is tráthúil gur i teach ósta a gcomhghleacaí Matt Molloy a bhailíodar agus a gcairde ceoil le chéile don chóisir speisialta seo.  Bhí ceol, damhsa agus amhráin go maidin ann.

 

Frank Duff agus an Léigiún Mhuire    4.15pm

Scéal an fhir a bhunaigh eagras spioradálta i mBaile Átha Cliath i 1921 a leath ar fud an domhain agus ar cheangail na milliún Caitliceach leis ó shin.  Fear ciúin ab ea Frank Duff ar mhórán bealach ach nuair a thug sé faoi thionscadal, ní dhearna sé aon dá leath dá dhícheall.

Chuir an Léigiún féin a chartlann fairsing grianghraf agus scannán ar fáil do léiritheoirí an chláir seo agus ní hionadh ar bith mar sin go bhfuil duaiseanna agus gradaim idirnáisiúnta buaite aige dóibh.

 

An Dubh ina Gheal   8.15pm

Clár spreagúil faisnéise, staire agus taistil ina bhfiosraíonn an file agus scoláire Louis de Paor gné den chaidreamh Ghael-Astrálach nach ndéantar oiread sin cainte fúithi anois.  Seo scéal na nGlún Fuadaithe, páistí de phór measctha (geal agus bundúsach san Astráil) a thóg na húdaráis agus iad nua-bheirthe lena chinntiú gur tógáil de chuid an chine ghil a fuaireadar.

Is ar neamhchead na máthar a tógadh na naíonáin seo ag an am agus is le beagán blianta anuas a tosaíodh ag caint go poiblí ar an bpolasaí uafásach seo, tráth ar thosaigh go leor de na daoine a fuadaíodh ag dul ar thóir a sinsear agus cúitimh as aon dochar a rinneadh dóibh.

Chaith Louis tamall ina chónaí san Astráil breis is fiche bliain ó shin nuair a thosaigh an scéal seo ag teacht chun solais ar dtús agus sa gclár seo, fillfidh sé go bhfeicfidh sé céard a tharla ó shin, rud a spreagann féith na filíochta ann féin, gan dabht.

 


Oíche Chinn Bhliana

 

Mo High Nelly Álainn   2.40pm

Tá na scórtha cineál rothar ar fáil in Éirinn inniu don té ar mian leis ceann nua a cheannacht agus is furasta míle euro a chaitheamh ar cheann deas.   Seo clár faoi rothar ó ré eile ar fad, am ina raibh cineál amháin rothair ar f áil agus daoine den tuairim nach mbeadh a shárú ann go deo.

Ní raibh sé beag ná éadrom agus ní raibh ach aon dath amháin ar fáil – dubh.  Ach is cuid de stair shóisialta na tuaithe sa gcéad seo caite an High Nelly, siombal ar ré ina raibh an saol simplí agus airgead gann – ach bhain daoine sult as mar sin féin.

 

Ray McAnally – M’athair      4.15pm

Aonghus,  a mhac, ag rianú saol agus éachtaí aisteoireachta a athar, Ray, duine de na haisteoirí Éireannacha is fearr riamh, ar stáitse, ar an teilifíse agus sna scannáin.   Is léir ó na cuimhní cinn sa gclár seo go raibh gean agus meas air – fiú ag leithéidí Robert de Niro, atá faoi agallamh ann. Bhásaigh Ray in aois 63 ach maireann a cháil agus a oidhreacht ar an scáileán.

 

Teachtaireacht Athbhliana  Uachtarán na hÉireann   8.45pm

Seolann A Shoilse, Micheál D Ó hUiginn teachtaireacht na bliana úire chuig Gaeil ar fud na hÉireann agus an domhain mhóir.

 

Gradam Ceoil TG4 2013        9.50pm

Ceol den scoth agus amhráin agus damhsa freisin agus sár-cheoltóirí traidisiúnta na tíre bailithe isteach sa gCeoláras in Ollscoil Luimnigh do bhronnadh na nGradaim faoi Cháisc seo caite.   Fuair Séamus Ó Beaglaoich,  Tommy Peoples, Dónall McCaughey agus  Michael Turbidy  Gradaim speisialta dá gcuid féin agus is é an boscadóir ciúin cumasach Dermot Byrne  a fuair an príomha-ghradam.

B’éad Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Páidí Ó Lionáird a bhí ag láithriú.

 


Lá Caille 2014

 

Na Casaidigh   3pm

Clár faisnéise agus ceiliúrtha ar an teaghlach ceolmhar as Ranallach i mBaile Átha Cliath ach a bhfuil a n-oidhreacht Chonallach le brath go láidir ar an gceol atá seinnte acu ar fud na cruinne le breis is deich mbliana fichead.   Is beag tír nár thaisteal siad agus is doiligh a chreidiúint go bhfuil saol eile ar fad acu taobh amuigh den cheol – mar léachtóirí, oideachasóirí agus dochtúirí.

Ní ón ngaoth a fuair siad féith an cheoil ach is binn agus is ildánach an teaghlach iad – agus tá glúin eile cheolmhar Chasaideach tagtha i mbláth anois freisin !

 

Maidhc Dainín    4pm

D’imigh  Maidhc uainn i lár na bliana ach d’fhág oidhreacht shaibhir saothair ina dhiaidh i bhfoirm leabhar agus chláir teilifíse.  Seo an clár a rinne sé lena chara dílis Micheál de Mórdha agus é ar thuras ar ais go Meiriceá agus ag ath-chruthú aistir ó dheas a thug sé ó Chicago, Cathair na Gaoithe síos go Birmingham, Alabama ag am a bhí corrach go maith i saol polaitíochta na gceantar sin mar gheall ar chiníochas.

 

Ceol ar an Imeall Don Nollaig  9.15pm

Eagán speisialta den tsraith nuálach seo a thugann ardán teilifíse do bhannaí nua nach bhfeictear ar aon chainéal eile.   Tá 100 banna nua curtha in aithne ag an láithreoir, an t-iriseoir ceoil Úna Mulally, ina measc Mick Flannery, Cabin Collective, My Fellow Sponges, agus Dáithí.

 


Déardaoin  2 Eanáir

 

Páistí na Réabhlóide    4pm

Stair an stáit ó bhéal roinnt daoine aitheanta a rugadh i mblianta cinniúnacha a bhunaithe  1916-1922, ina measc   Máire Mhac an tSaoi, Máire Brugha, Paddy McFlynn, Uinsionn Ó Gairbhí, Proinsias Ó Conluain agus an Canónach Alfred Ó Conchubhair,

Bíonn gá i gcónaí le breithiúnas fuarchúiseach na scoláirí  agus na bhfoinsí oifigiúla ach seo an stair mar ab fhacthas í do na daoine óga a bhí i láthair agus na heachtraí seo ag tarlú.  Tá tábhacht lena gcuimhní siúd freisin.

 

Fonnadóirí na hAirde   8.45pm

Clár nua faisnéise agus ceoil a dhíríonn ar amhránaíocht sean-nóis na hAirde, ceantar beag atá suite trí mhíle siar ó bhaile Charna i nGaeltacht na Gaillimhe.    Áirítear an dá bhaile fearainn seo –  an Aird Thoir agus  an Aird Thiar – ar cheann de ceantair is saibhre sa tír (agus sa domhan b’fhéidir)  ó thaobh oidhreachta, traidisiúin agus cultúir.

 

Is cruthúnas amháin ar shaibhreas fonnadóireachta na háite go bhfuil 17 príomh-dhuais Oireachtais tugtha abhaile go dtí an Aird.

 

Sa gclár seo, tugann Pól Ó Ceannabháin as an Aird Thoir, an té a thug leis Corn Uí Riada ag Oireachtas 2012,  turas eolais agus comhluadair dúinn  ar a fhód a dhúchais.   Tugtar léargas ann ar raon agus ar scóip an traidisiúin fonnadóireachta agus cuirtear aithne ar chuid de na fonnadóirí reatha agus ar na máistrí a chuaigh rompu: Joe Éinniú, Seán ‘Ac Donncha, Beartla Beag Ó Conghaile agus Seán Jeaic Mac Donncha.

 

Orthu sin atá páirteach, tá An tAthair Eddie Bheartla Ó Conghaile, Róisín Nic Dhonncha, Liam Mac Con Iomaire, Liam Ó Maolaodha agus na fonnadóirí,  Caitríona Ní Cheannabháin, Bríd Ní Mhaoilchiaráin agus Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha.

 


Aoine 3 Eanáir

 

Na Fíréin Arís!     8.15pm

Clár ceiliúrtha agus cuimhní cinn ar cheann de na bannaí ceoil is faide saol agus is dílse lucht leanúna sa tír – agus an chéad rac-ghrúpa lán-Ghaeilge agus an ceann is fearr freisin.

Tríocha bliain tar éis a mbunaithe i bhFómhar na bliana 1984,  tá siad fós i mbun ceoil agus tá siad ann a deir go bhfuil na baill  Gearóid Ó Murchú,  Eoin Smith, Fran McBride agus  Colm Mac Séalaigh ag feabhsú le haois.

Ní de thimpiste a bhaisteadar Na Fíréin orthu féin, ba chinneadh dearfa a bhí ann a dtiomantas don rac-cheoil lán-Ghaeilge a léiriú don saol ón tús.    Cheap lucht an amhrais gur cleas a bhí ann nó nach mairfeadh an grúpa ach seal gearr.

Bhí dul amú orthu agus léirigh an ceirnín ar a raibh na hamhráin Tír na nÓg,  Deireadh na Seachtaine agus Sin Mar a Bhíonn go raibh fios a ngnó acu agus méar ar chuisle na hóige freisin.  Is beag scoláire ar Choláiste samhraidh ó shin nach n-aithneodh na hamhráin sin.

Sa gclár seo, casaimid le baill an ghrúpa agus lena muintir, a lucht leanúna agus feicimid go bhfuil ar a gcumas óg agus eile a thabhairt leo agus iad ag seinm in aon áit sa tír.

 

 

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 17:35:34

Admin/login Comments RSS

ILBF