Eitleán le 295 duine ar bord buailte ag diúracán os cionn na hÚcráine Thoir

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Buaileadh eilteán de chuid an Mhalaesia agus é os cionn na hÚcráine Thoir. Bhí an t-eitleán ar an bhealach ó Amstardam go Kuala Lumpar tuigtear. Ní léir ar tháinig éinne beo ach deirtear gur aimsíodh os cionn céad chorp cheana féin. Deir an Fhrainc go raibh saoránaigh dá gcuidse ar bord an eitleáin, tuairim is leathdhosaen acu tuigtear. Bhí plé cheana féin ag an Uachtarán Putin agus an tUachtarán Obama faoin eachtra. Tá idir trodairí frithrialtais agus lucht éirí amach ag cur an locht ar a chéile as an eachtra.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive