Eithne Vallely, Gearóid Ó Muilleoir agus neart eile ar chéad seó beo www.raidiofailte.com

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh rogha maith d’ábhair faoi chaibidil ar chéad chlár beo Raidió Fáilte maidin amárach, maidin Déardaoine. Buailfidh Gearóid Ó Muilleoir isteach chun stiúideó chun a labhairt faoin dóigh atá ag éirí le ‘Seachtain’ an forlíonadh a bhíonn san Irish Independent gach Céadaoine. Beidh sé ag caint lena chois faoin léirsiú atá beartaithe ag dílseoirí is aontachtaithe do lár Bhéal Feirste ar 30 Samhain faoi cheist an bhrataigh. Agus beidh Eithne Vallely ár gcur ar an eolas faoina bheidh ar siúil ag Féile Píobaireachta William Kennedy in Ard Mhacha, an 20ú Féile. Ach beidh sí ag caint lena chois faoi Chumann Piobairí Ard Mhacha agus faoin phíobaireacht i gcoitinne ón Iaráin go dtí an tSualann. Agus sea, beidh breathnú ar a bhfuil sna nuachtáin agus go leor leor eile sa chlár ‘Breacadh an lae’ a thosóidh ar 8.00 ar www.raidiofailte.com nó i gcóngar do Bhéal Feirste, 107fm Sa ghrianghraf Máire Nic Fhionnachtaigh, Raidió Fáilte, agus Eithne Vallely, Cumann na bPiobairí, Ard Mhacha. maire

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 01:28:35

Admin/login Comments RSS

ILBF