Éireannach a ciontaíodh as ostán san Astráil a líonadh le huisce faighte agus é marbh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Pádraig Gaffney (29) , fear ó Longfort a bhí ina chónaí san Astráil agus a rinne scrios ar ostán in Melbourne nuair a chuir sé an córas eigeandála aisréadora ar siúil agus é ólta, faighte agus é marbh. Bhí an tUasal Gaffney os comhair na cúirte in Melbourne níos luaithe an tseachtain seo agus é curtha ina leith go ndearna sé damáiste $500,000 nuair a chuir sé an córas aisréadóra ar siúil agus é ag stopadh lena chailínchara san ostán Fraser Place anuraidh. Dúradh go raibh sé ólta ag an am agus nach raibh aon chuimhne aige ar an rud a dhéanamh. Bhí sé san ostán agus ag ceiliúradh mar go raibh rún aige pósadh a mholadh dá chailínchara. Ach i ndiaidh ar tharla scar sé lena chailínchara agus dar leis gur scriosadh an meas agus an saol a bhí saothraithe aige san Astráil sa 10 mbliain a bhí caite aige ann. Ghearr an breitheamh Michael Rozenes fíneáil $10,000 air nó dar leis nárbh fhéidir aon olc a aithint ná a aimsiú sa rud a rinne sé. Dá mba rud é go raibh sé gan a bheith ólta ní tharlódh an rud ar chor ar bith dar leis. Ach dúirt Pádraig Gaffney go raibh a shaol scriosta mar gheall ar a bheith ólta ar an oíche sin agus chomhairligh sé do dhaoine a rachadh amach agus a rachadh ar meisce go dtiocfadh leo praghas ard a íoc as. Inniu tugadh le fios go bhfuarthas corp an Uasal Gaffney. Ní léir go fóill cad a thug an bás dó ach deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil siad ag cuidiú lena mhuintir.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-22 10:08:03

Admin/login Comments RSS

ILBF