Edward Haughey agus fear eile as Co an Dúin marbh i ndiaidh taisme i Sasana

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraiodh duine de na fir gnó is aitheanta sa tuaisceart, Edward Haughey, fear eile as Co an Dúin a bhí ina chuideachta, agus beirt fhear eile nuair a tharla taisme heileacapatair i Norfolk Shasana aréir. Bhí clú ar Edward Haughey, ar as Contae Lú dó,  ó bhunaigh sé Norbrook Laborotories, gnó de na gnóithe is mó sa tuaisceart, in 1968. Inniu fostaíonn an comhlacht 1,500 duine ar an Iúr agus 1,500 thar lear. IarSheanadóir a ba ea é agus Tiarna i dTeach na dTiarna sa Bhreatain. Thaobhaigh sé leis an UUP agus leis an Pháirtí Coimeádach sa Bhreatain.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-22 03:46:46

Admin/login Comments RSS

ILBF