Eddie Mc Grady, iarfheisire SDLP, i ndiaidh a bháis

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá duine de fhathaigh an SDLP san am a d’imigh, Eddie Mc Grady, i ndiaidh a bháis. Bhí sé tinn le tamall anuas. Bhí sé 78 bliain d’aois. Bhí sé ina fheisire don Dún Theas ó 1987 go 2010.  Dúirt ceannaire an SDLP Alisdar Mc Donell ag Comhdháil Bhliaintiúil an SDLP ag an deireadh seachtaine seo caite gur dúirt Eddie Mc Grady leis an lá sin go raibh sé muiníneach go raibh an glúin óg san SDLP inchurtha leis an jab atá roimh an pháirtí. Cuntasóir a bhí in Eddie Mc Grady ach sna 1960í – 70í toghadh é ina chomhairleoir ag comhairle uirbeach Dhún Phádraig agus ar ball ar chomhairle an Dúin. In 1987 toghadh ina fheisire Westminster é nuair a sháraigh sé ar Enoch Powell, feisire aontachtach don Dún ó 1974 go 1987. Dúirt an tUachtarán Michael D Ó hUiginn anocht gur mór a chaill bás Eddie Mc Grady, agus mhol sé a fhocail tomhaiste in am na coimhlinte agus an tosaíocht a thug sé I rith an ama do pholaitíocht daonlathach. Dúirt John Hume gur fear  é Eddie Mc Grady a raibh misneach ar Leith aige agus creideamh mhór agus go raibh éacht déanta aige. ‘Steady Eddie’ a thug Alisdar Mc Donnell air agus mhol é go mór.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-24 04:19:35

Admin/login Comments RSS

ILBF