Easpag an pháláis chun am saor a thógáil

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’fhógair an Vatacáin inniu go bhfuil Easpag atá i lár na conspóide mar gheall ar an chostas a bhain leis an áit cónaithe a thóg sé dó féin le tamall a thógáil saor óna dhualgais. Bhí éilimh ann go mbrisfí Franz-Peter Tebartz-van Elst, Easpag Limburg, as ach i ndiaidh don Vatacáin a chás a scrúdú agus i ndiaidh don Phápa labhairt leis fógraíodh inniu go mbeidh sé ag tógáil am saor. Tuigtear go dtiocfadh leis an Vatacáin, ar ball beag, gníomhú chun baint a thuilleadh de stádas an Easpaig ach go bhfuil am uathu chun sin a mheas.  Caitheadh €31m ar an fhoirgneamh a tógadh don Easpag ach séanann sé go ndearna sé aon rud mícheart. Ach tá an caiteachas agus an scéal ar fad i ndiaidh cur as do Phápa a mhaígh gur mhaith leis eaglais bhocht ar bhealach a láidreodh a cheangal le bochtáin an domhain.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive