Easaontóirí Poblachta á lua le dhúnmharú beirte

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Measatar  go raibh ceangal ag easaontóirí Poblachtacha le dhá dhúnmharú ó thuaidh le 24 anuas. Scaoileadh Kevin Kearney chun báis agus caitheadh a chorp i loch i bpáirc Alexandria i mBéal Feirste Thuaidh. Dar le dream a tugann an ‘IRA’ orthu féin gurb iad a mharaigh é. D’imigh sé as radharc maidin Dé Máirt nuair a chuaigh sé amach lena mhadadh. Chuir a pháirtnéir fios ar na péas nuair nár fhill sé. Tá ceathrar páiste aige. Deir an PSNI nach mbaineann sé le hábhar an stíl beatha a chleachtaigh Kieran Kearney nó aon rud a rinne sé san am a d’imigh nó nach raibh an ceart ag dream gan aithint socrú ar dhuine ar bith a dhúnmharú. Tuigtear gur comhghuaillíocht de ghrúpaí éagsúla easaontacha atá san ‘IRA’ agus b’iad a mharaigh an bairdéir David Black i scaoileadh ar an mhótarbhealach M1 anuraidh.

Beidh na péas ag iarraidh a oibriú amach ar chomhtharlúint é gur maraíodh duine eile i nDoire lá i ndiaidh do Kevin  Kearney a bheith curtha chun báis nó ar chuid de stráitéis é. Scaoileadh Barry Mc Crory in árasán i lár an bhaile. Ag an am seo tá na péas ag iarraidh teacht ar leideanna cinnte faoi na marfóirí agus an cúis go ndearna siad an tUasal Mc Crory a mharú.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 00:43:00

Admin/login Comments RSS

ILBF