Eamonn Gilmore chun éirí as? Páirtí an Lucht Oibre in aimhréidh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhi siad in aimhréidh le cúpla lá anuas ach cuireadh an lasóg sa bharrach tráthnóna nuair a tugadh le fios go bhfuil ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Eamonn Gilmore, chun ráiteas tábhachtach a dhéanamh. Tuigtear go bhfuil sé chun éirí as mar cheannaire ach níl aon dearbhú ar an tuairimíocht sin go dtí seo. Bhuail sé lena chuid Airí is Airí stáit inniu agus phléigh leo impleachtaí na tubaiste a tharla ag na toghcháin. Bhí seachtar Teachta Dála agus Seanadóir i ndiaidh moladh go mbeadh rún mímhuiníne á plé agus meastar gur chuir sin brú ar Eamonn Gilmore imeacht seachas troid crua scoilteach a spreagadh sa pháirtí in am nuair atá sé in ísle brí. Cibé ceannaire nua a thiocfaidh i gcomharbacht air beidh ar an cheannaire sin socrú go gasta cé acu fanacht i gcomhrialtas le Fine Gael nó éirí as agus toghchán luath a spreagadh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 13:40:13

Admin/login Comments RSS

ILBF