Éamann ‘a Craic i gCultúrlann Uí Chanáin, Doire

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

A Chairde,

 

Beidh an chéad bhabhta den chomórtas nua siamsaíochta Éamann ‘a Craic  á reáchtáil ag Cultúrlann Uí Chanáin, Doire ar an Satharn an 15ú Feabhra. Comórtas siamsaíochta dírithe ar phobal aosach na Gaeilge is ea Éamann ‘a Craic, ina gcuirfidh compántais éagsúla cláir ilghnéitheacha siamsaíochta i nGaeilge, nach mairfidh níos mó ná daichead nóiméad, i láthair lucht éisteachta agus moltóirí. Tá cóip de chuireadh ceangailte leis an teachtaireacht seo agus beidh fáilte chroíúil romhat ann

Tá cead isteach saor sa cheolchoirm seo.

Eolas ó Carol Ní Éigeartaigh (rphost: carol@culturlann-doire.ie: T: 71264132) nó Risteard Mac Gabhann (rphost: ogmios@virginmedia.com; T. 71264714)

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-31 01:40:26

Admin/login Comments RSS

ILBF