Eagrán speisialta den Saol ó Dheas

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Eagrán speisialta den Saol ó Dheas faoi shaol na nÉireannach i Londain Dé hAoine 24 Eanáir, craolfar eagrán speisialta den Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi shaol na nÉireannach i Londain le trí scór bliain anuas. D’fhág Máire Ní Shúilleabháin Baile an hAbha ar shleasa Chnoc Bréanainn sa bhliain 1953 agus thug sí a haghaidh ar Londain. Thug ana chuid dá páirtithe ó Chorca Dhuibhne an bád bán orthu fhéin sna caogaidí mar ná raibh aon obair le fáil sa dúthaigh. D’éirigh go maith le Máire. Phós sí Sylvester Mistéal, ó Dhún Chaoin, agus thógadar a gclann i Finsbury Park. Bhí tigh lóistín aici agus is ann a fhanadh fearaibh óga Chorca Dhuibhne agus iad ar thóir oibre i Londain. Bhí sí ina máthair acu, ag cur comhairle a leasa orthu. Dé hAoine 24 Eanáir, labhrann sí le Helen Ní Shé in eagrán speisialta den Saol ó Dheas ar shaol na n-Éireannach i Londain. Deir sí go raibh go leor d’fhearaibh óga na tíre seo marbh aige uaigneas sa chathair, agus iad ag fanacht i seomraí leo fhéin. Níorbh aon iontas léi go n-iompaigh ana chuid acu ar an ndeoch agus iad ar thóir comhluadair. An Saol ó Dheas, Dé hAoine 24 Eanáir, 12.08 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive