Eachtra scaoilte i gCluain Dolcáin – John Gilligan gortaithe go dona

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Gortaíodh an coirpeach aitheanta John Gilligan in eachtra scaoilte I gCluain Dolcáin aréir. Scaoileadh suas go seacht n-uaire é  agus gortaíodh go dona é. Ach ní baol dá bheatha. Scaoileadh é agus é ag teach gaolta dá chuid nuair a tháinig beirt fhear chuig an teach agus d’ionsaigh é sa tseomra folctha de réir dealraimh. Tuigtear gur scaoileadh é roinnt uaireanta  sa chuid uachtar dá chorp agus sa chos agus cé gur scaoileadh sa chloigeann é fosta, ar éigean gur bhuail an piléar sin é agus níor bhain ach mionghortú dá chloigeann.Tá buairt ann go mba tús é seo ar bhatha eile de scaoilte ag drongadóirí I mBaile Átha Cliath.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-17 15:50:06

Admin/login Comments RSS

ILBF