€36.8m de dhamáiste a rinne na stoirmeacha i gContae an Chláir

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Rinne stoirmeacha a tharla ó bhí an Nollaig ann luach €36.8m de dhamáiste don Chláir de réir Chomhairle Chontae an Chláir. Bhí luach €23.7m luaite sa chéad tuarascáil a rinne an Comhairle réidh don rialtas ar 10 Eanáir ach bualadh an chontae go dona arís ó shin agus táthar buartha go ndéanfar go leor damáiste eile idir seo agus teacht na dea-aimsire.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive