Dúradh liom gan Kincora a fhiosrú – iaroifigeach airm

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar le fear acu sin a bhí chun tosaigh i seirbhís faisnéise na Breataine sa tuaisceart sna 1970í Brian Gemmell, go mba cheart go mbeadh fiosrúchán cuimsitheach ar ar tharla ag Áras Kincora. Dar leis gur thóg sé líomhaintí faoina raibh ar bun ann ag an am le hoifigeach sinsearach dá chuid in M15 agus gur dúradh leis gan an scéal a fhiosrú. Bhí páistí san Áras  á n-ídiú go gnéasúil ag fir san Áras agus cé gur ciontaiodh beirt as bhí líomhaintí riamh go raibh baicle mór fear i gceist agus gur cheil MI5 eolas a bhí acu faoin idiú cionn is iad a bheith ag imirt dúmhal ar roinnt daoine aitheanta a bhí ceangailte leis an ídiú.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 13:07:11

Admin/login Comments RSS

ILBF