Dúnmharú i mBaile Átha Cliath – bean á ceistiú

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ghabh na Gardaí bean agus fear indiaidh do trí eachtra tarlúint faoi chóngar dá gcéile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath in imeacht chúpla uair a chloig aréir. San eachtra is tromchúisi maraíodh fear nuair a scaoileadh e sa chuid uachtar da chorp i gCúirt Chill Áirne, ceap árasáin. In eachtra eile robáladh fear tacsaí sa cheantar céanna tamall beag níos moille. Tá fear agus bean á gceistiú, an fear faoin robáil agus an bhean faoin scaoileadh. Níor ainmníodh fós an fear a scaoileadh. Agus sa cheantar céanna ionsaíodh fear gan dídeán ar Lána Mabbott. Robáladh an fear agus tá na Gardaí ag fiosrú na heachtra sin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 01:36:33

Admin/login Comments RSS

ILBF