Dúnmharú eile ag drongadóirí i mBaile Átha Cliath

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá na Gardaí den tuairim gur drongadóirí a bhí freagrach as marú fir, iardhornálaí, i dteach i Leamhchán i mBaile Átha Cliath aréir. Bhrúigh roinnt fear a slí isteach i dteach agus scaoil an fear, 46 bliain d’aois, roinnt uaireanta sa bholg agus sa chuid uachtar dá choirp. Tugadh chuig an ospidéal é ar ball ach fuair sé bás tamall ina dhiaidh sin. Ní léir go fóill cad é an cúis ar roghnaigh na drongadóirí an fear áirithe seo ach deir na Gardaí go bhfuil siad i mbun dianfhiosrúcháin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-28 16:55:32

Admin/login Comments RSS

ILBF