‘Duine iontach í agus tarlaíonn sé go bhfuil sí aerach’ Féile Rós Thrá Lí

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Maria Walsh, Rós Thrá Lí 2014, le filleadh ar Mheiriceá ar maidin i ndiaidh di cúpla lá sultmhar suaimhneach a chaitheamh ag ceiliúradh a bua sa chomórtas le cairde is clann mar aon leis an ghnáthphobal. Dar le heagraí na Féile, Anthony O’Gara, go gcuirfeadh sé leis an spéis sa chomórtas gur bean aerach a bhain ach dar leis gur ‘bean tarraingteach, eirmiúil, í agus tarlaíonn sé go bhfuil sí aerach.’ Dúirt Maria Walsh féin go raibh asifhreagra dearfach aici ó tugadh le fios go bhfuil sí aerach agus nár tógadh an cheist le linn an chomórtais mar nár bhain sé le hábhar. Dar léi gur cheart do dhaoine glacadh leis nach rud ‘seanfhaiseánta’ atá sa chomórtas agus deir sí go mba leor cuairt ghairid ar Thrá Lí an tseachtain seo caite le linn na Féile chun an smaoineamh sin a dhíbirt as cloigeann duine.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 15:58:01

Admin/login Comments RSS

ILBF