Dualgais bainte de Faighteoir Rúnda an Gharda Síochána

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an tAire Dlí Alan Shatter i ndiaidh scor de na dualgais atá ag Faighteoir Rúnda an Gharda, Oliver Connolly, tugadh le fios sa Dáil inniu. Bhain an fógra siar de go leor Teachtaí agus é ag teacht tamall gearr i ndiaidh don rialtas dul siar ar an seasamh a bhí acu roimhe seo faoin gá le fiosruchán neamhspleách. Is dlíodóir é an tUasal Connolly a ceapadh in 2011 le bheith ar an chéad phointe teagmhála don Garda a sceitheann eolas leis an phobal. Dúirt ceannaire Fhianna Fáil, Mícheál Ó Máirtín, go bhfuil seisean i ndiaidh a bheith ag éisteacht le taifead de líomhaintí a rinne an Gharda Sairsint Maurice Mc Cabe agus go bhfuil líomhaintí ann a théann níos faide ná ceist na bpointí pionóis. Dar leis go bhfuil líomhaintí ann faoi mhíchumas a d’fhág gur dúnmaraíodh daoine. Shéan an Taoiseach do dhearbhú Shinn Féin nach bhfuil sé ag fáil gréim mar a ba cheart ar an cheist seo agus mhaígh sé go nglacann sé iontach dáiríre an cás seo agus na líomhaintí atá i gceist. Mhol Sinn Féin don Taoiseach báta agus bóthar a thabhairt ní amháin do Oliver Connolly ach don Aire Shatter. Dhiúltaigh an Taoiseach glacadh leis sin. Dúirt Fianna Fáil gur ábhar magaidh an fiosrúchán atá an rialtas ag iarraidh a dhéanamh ar ar tharla sa chás seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-31 01:31:18

Admin/login Comments RSS

ILBF