Duais mhór buaite ag TG4 ag an Fhéile Cheilteach 2014

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Duais mhór buaite ag TG4  ag an Fhéile Cheilteach 2014   

Thug clár a choimisiúnaigh TG4 mórdhuais eile leis inniu ag Féile na Meán Ceilteach na bliana seo  atá ar bun i  gCorn na Breataine   Bronnadh an Torc sa duaisaicme Daoine Óga  ar an gclár   Ponydance; An Scannán.

Clár faisnéise (agus sórt scig-chláir mar chuid de) faoi chompántas damhsa i mBéal Feirste atá ag cleachtadh dá chéad mhór-thaispeántas atá i Ponydance: An Scannán.  Léiriú le Doris/Magee le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon.

 

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha.     Cuirtear iontrálacha sna duais-aicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta.   Tá  Féile na bliana seo ar bun i bPort Ia  (St Ives) i gCorn na Breataine 2-4 Aibreán. (www.celticmediafestival.co.uk)

 

 

Deir Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4,  Micheál Ó Meallaigh, go bhfuil tábhacht ar leith le duaiseanna mar seo. ”Is mór an t-ardú croí dúinn go bhfuil gradam chomh haitheanta le Torc ón Fhéile Cheilteach buaite arís i mbliana ag clár le TG4 ag an bhféile seo, buaic na bliana do thionscal na teilifíse in Éirinn, Albain, An Bhriotáin, Corn na Breataine agus an Bhreatain Bheag” a dúirt sé.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 08:27:05

Admin/login Comments RSS

ILBF