Dréim le líon íseal vótóirí amárach

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá dréim le líon íseal vótóirí amárach agus reifreann na 26 Chontae ar siúil maidir le scor an tSeanaid. Chuir an dá champa deireadh inniu lena bhfeachtas agus tá sé faoi na vótóirí anois a rogha a dhéanamh. Agus é ag labhairt ar son Fhine Gael mhaígh Richard Bruton gur mhó a rinne an tSeanad leas na bpolaiteoirí ná leas an phobail agus go raibh a sheal imithe. Dúirt Micheál Ó Máirtín, ceannaire Fhianna Fáil, go bhfuil sé le sonrú, dar leis, gur mhó daoine ná roimhe atá ag machnamh faoi vótáil ‘Níl’ mar nár thaitin sé le daoine go mbeadh níos mó agus níos mó cumhachta i lámha an rialtais. Meastar go bhfuil líon ard daoine nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu go fóill nó nach suim leo vótáil. Beidh 3.1 milliún duine i dteideal vótáil agus beidh faill acu vótáil i ndá reifreann maidir le leasú 32 agus 33 ar an Bhunreacht.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-22 18:15:42

Admin/login Comments RSS

ILBF