Douze points ná nul points dúinn i mbliana – níor cháiligh iontráil na hÉireann don Eorafís

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Chlis anocht ar iontráil na hÉireann sa chomórtas Eorafíse. Ní raibh Kasey Smith agus an grúpa Can – Linn ar an deich n-iontráil a roghnaíodh anocht le dul ar aghaidh chuig seó an tSathairn. Dúirt Kasey Smith go raibh sí iontach a bheith ag seinm ar son na hÉireann ag an Eorafís, go ndearna siad a ndícheall agus gur trua nár roghnaíodh iad le dul ar aghaidh chuig an babhta ceannais. Ba é seo an chéad uair ó 2009 nár cháiligh Éire don Eorafís. Anuraidh chuaigh Ryan Dolan ar aghaidh chuig na babhtaí ceannais ar son na hÉireann ach chríochnaigh sé san áit deiridh am na vótála.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-24 05:39:57

Admin/login Comments RSS

ILBF