Tacaíocht phoiblí do Gilmore, ach cúlbhinseoirí buartha

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

6% an tacaíocht atá ag Páirtí an Lucht Oibre dar leis an phobalbhreith is déanaí de chuid an Irish Times a foilsíodh inniu. Dá bhfaighfeadh siad vóta chomh íseal sin lá toghcháin bheadh sé ar an vóta is measa do Pháirtí an Lucht Oibre le 25 bliain anuas. Léirigh an pobalbhreith go bhfuil Fine Gael anois ar 26% den vóta, ardú 2% ón am deiridh, Sinn Féin ar 23%, ardú 2%, Fianna Fáil ar 22%, titim 4% agus  Neamhspléachaigh/Eile ar 21%, ardú 3% ón am deireannach. Tá Sinn Féin, de réir an phobalbhreith seo, ar an pháirtí is láidre in Uladh/Connacht agus i mBaile Átha Cliath ach is iomaí uair nach bhfuil an inneall pháirtí ag leibhéal reigiúnda in ann buntáiste iomlán a bhreith ar an deathoil sin. Tá buairt ar Pháirtí an Lucht Oibre go gcaillfidh siad an dá shuíochán Eorpach a bhain siad an t-am deiridh mura dtig mórbhiseach ar thacaíocht an pháirtí idir seo agus toghchán na bliana seo chugainn. Agus tá lucht straitéise s’acu iontach buartha faoin dul chun cinn atá á déanamh ag Sinn Féin sa  phríomhchathair san am céanna is go bhfuil tacaíocht Pháirtí an Lucht Oibre ag titim. Dúirt roinnt polaiteoirí sinsearacha agus Airí inniu, ina measc Sean Sherlock, Athur Spring agus Anne Phelan, go bhfuil dúshlán mór rompu ach gur Eamonn Gilmore an ceannaire ceart chun tabhairt faoin obair. Ach mhaígh Arthur Spring go mba cheart don Tanáiste athmheas ar a ról san Comh Aireacht agus glacadh le hAireacht seachas Gnóthaí Eachtracha chun go dtiocfadh leis níos mó ama a chaitheamh in Éirinn seachas ag taisteal leis go minic.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 20:09:52

Admin/login Comments RSS

ILBF