Dochar bainte de charrbhuama i mBéal Feirste

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhain saineolaithe arm na Breataine an dochar ar maidin de bhuama a bhí i gcarr fuadaithe a fágadh in aice leis an olláras siopadóireachta i mBéal Feirste, an Ionad Siopadóireachta Victoria. Fuadaíodh an carr in Ard Eoin i mBéal Feirste agus tugadh ar an tiománaí é a thabhairt go dtí an ionad. Phléasc maidhmeoir ann ach níor phléasc an mórbhuama. Meastar gur easaontóirí Poblachtacha a bhí freagrach as an ionsaí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 08:32:44

Admin/login Comments RSS

ILBF