Diúltaíonn an tAire a rá cé a mhol John Mc Nulty a chur ar bhord IMMA

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an tAire Ealaíne Heather Humphreys nach bhfuil sí saor chun a rá cé a mhol di John Mc Nulty a chur ar bhord Iarsmalann na Nua Ealaíne mar gur gnó Fhine Gael é sin. In ainneoin í a bheith faoi bhrú le roinnt laethanta anuas, agus oifigigh sinsearacha eile Fhine Gael a bheith faoi bhrú chomh maith, dhiúltaigh gach duine acu aon léid a thabhairt faoi cé a mhol ainm John Mc Nulty. Agus b’amhlaidh don Aire inniu. ‘Gnó Fhine Gael atá ann’ dar léi. Aréir thug an tAire Airgeadais Micheál Ó Nuanáin ar lucht ceannairce i bhFine Gael smacht a choinneáil orthu féin. Bhí roinnt cúlbhinseoirí thar a bheith míshásta faoin dóigh a bhfuil cúrsaí mar gheall ar chás John Mc Nulty agus faoin dóigh ar phléigh an Taoiseach leis an scéal. Ach dar le tuairiscithe gur shuaimhnigh an tAire iad agus gheall nárbh fhada go mbeadh an cheist seo ina tost agus go mbeadh cúrsaí eacnamaíochta chun tosaigh arís.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 17:31:14

Admin/login Comments RSS

ILBF