Díospóireacht Dála agus Rónán Ó Domhnaill á cheapadh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

http://oireachtasdebates.oireachtas.ie/debates%20authoring/debateswebpack.nsf/takes/dail2014021800043?opendocument

 

Dáil Éireann Dé Máirt 18 Feabhra

 

Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Deputy Dinny McGinley): Information on Dinny McGinley Zoom on Dinny McGinley Tairgim:

Go molann Dáil Éireann an tUasal Rónán Ó Domhnaill lena cheapadh ag an Uachtarán mar An Coimisinéir Teanga.

Ba mhaith liom a rá i dtús báire go bhfáiltím go mór roimh an deis an rún seo, go molann Dáil Éireann an tUasal Rónán Ó Domhnaill lena cheapadh ag Uachtarán na hÉireann mar Choimisinéir Teanga, a chur faoi bhráid an Tí.  Tá sé i gceist go dtiocfaidh an tUasal Ó Domhnaill i gcomharbacht ar an gCoimisinéir Teanga reatha, an tUasal Seán Ó Cuirreáin, atá ag éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014, tar éis deich mbliana a chaitheamh san oifig sin.  Is oifig reachtúil neamhspleách é Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bunaíodh sa bhliain 2004 faoi alt 20 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Achta.  Is é Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Thithe an Oireachtais rún a rith ag moladh an cheapacháin.  Maireann téarma oifige an Choimisinéara Teanga ar feadh sé bliana.  Is féidir é nó í a athcheapadh don dara téarma nó do théarmaí eile ina dhiaidh sin.
Leagtar amach feidhmeanna an Choimisinéara Teanga faoin Acht mar seo a leanas: faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta ag comhlachtaí poiblí; gach beart riachtanach atá faoi réim a údaráis nó a húdaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha an Achta; imscrúduithe a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nó de bhun gearán, i gcás ina líomhnaítear go bhfuil teipthe ar chomhlacht poiblí a dhualgas a chomhlíonadh faoin Acht; comhairle a sholáthar don phobal maidir lena gcearta faoin Acht; comhairle a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais faoin Acht; agus imscrúduithe a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nó de bhun gearán, i gcás ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á chomhlíonadh.
Tá sé de dhualgas ar an gCoimisinéir Teanga faoin Acht tuarascáil bhliantúil faoi obair Oifig an Choimisinéara Teanga a sholáthar don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le leagan os comhair Thithe an Oireachtais; agus cuntais bhliantúla faoi chaiteachas Oifig an Choimisinéara Teanga a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a sholáthar don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le leagan os comhair Thithe an Oireachtais.  Baineann na dualgais agus na cearta seo ar fad le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige a chinntiú go mbeidh seirbhísí poiblí ar fáil níos fairsinge trí Ghaeilge agus go mbeidh caighdeán níos airde ag baint leo.
Mar is eol do Theachtaí, tá athbhreithniú déanta ag mo Roinn ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i gcomhréir leis an ghealltanas a tugadh i gclár an Rialtais.  Ba í an aidhm a bhí leis an athbhreithniú ná a chinntiú go bhfuil caiteachas ar an nGaeilge dírithe ar an mbealach is éifeachtaí ar fhorbairt na teanga agus go bhfuil dualgais á gcur i bhfeidhm go cuí ag brath ar éileamh ó shaoránaigh.  Mar thoradh ar an athbhreithniú, tá na cinn do Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2014 dréachtaithe.  Tá mé ag súil go dtabharfar os comhair an Rialtais go luath iad.  Tá sé i gceist na cinn a fhoilsiú ansin agus iad a thabhairt os comhair an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Chultúr agus an Ghaeltacht.  Tá sé i gceist chomh maith torthaí an phróisis comhairliúcháin poiblí, a reáchtáil mo Roinn, a fhoilsiú i dteannta le cinn an Bhille.
Tógadh cinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman mar chuid de réimse gníomhartha athchóirithe faoi phlean athchóirithe an Rialtais don tseirbhís phoiblí a foilsíodh i mí na Samhna 2011.  Tá sé beartaithe an cónascadh seo a chur i bhfeidhm trí Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2014.  Faoin chónascadh, coimeádfaidh an Coimisinéir Teanga a chumhachtaí neamhspleácha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus leanfaidh Oifig an Choimisinéara Teanga ag feidhmiú ó cheannáras atá lonnaithe sa Ghaeltacht.  Is gné lárnach d’Acht na dTeangacha Oifigiúla iad na scéimeanna teanga a dhaingnítear le comhlachtaí poiblí chun líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil a mhéadú ar bhealach eagraithe agus tomhaiste thar thréimhse ama.  Is é Oifig an Choimisinéara Teanga a dhéanann monatóireacht ar fheidhmiú na scéimeanna teanga.  Tá tuairim is 200 comhlacht poiblí clúdaithe faoin 113 scéim reatha atá i bhfeidhm faoi láthair.  Tá plé gníomhach ar siúl ag mo Roinn, ar a bhfuil an fhreagracht scéimeanna a dhaingniú, le breis agus 120 comhlacht poiblí faoi láthair chun scéimeanna teanga nua a aontú nó scéimeanna atá i bhfeidhm cheana a athnuachan.
Aithním nach bhfuil córas na scéimeanna gan laigí agus go mbaineann dúshláin ar leith le scéimeanna a chur i bhfeidhm.  Aithním chomh maith an comhoibriú agus an dea-thoil atá le sonrú i measc na gcomhlachtaí poiblí éagsúla agus iad ar a ndícheall na seirbhísí i nGaeilge atá á gcur ar fáil acu a fheabhsú.  Beidh céimeanna chun feabhas a chur ar an bpróiseas i gcoitinne sonraithe sna leasuithe reachtúla atá beartaithe don Acht.  Tá an cumas atá ag comhlachtaí poiblí seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar ag brath go mór ar na hacmhainní cuí a bheith ar fáil chuige sin, acmhainní daonna ach go háirithe.  Tá an cheist maidir le hearcaíocht daoine le cumas Gaeilge i gcomhair post sa tseirbhís phoiblí lárnach don phlé seo.  Ní haon ionadh é go bhfuil an cheist seo go mór i mbéal an phobail le tamall anuas.  Tá sé tráthúil mar sin léargas a thabhairt ar na bearta atá tógtha ag an Rialtas chun cur leis an líon daoine sa Státseirbhís a mbeidh sé ar a gcumas feidhmiú go héifeachtach ar bhonn dhátheangach.
Is aidhm lárnach pholasaí de chuid an Rialtais é úsáid na Gaeilge.  Tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin go mbeadh baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státseirbhís.  Ceaptar gurb é an bealach is fearr chun an aidhm pholasaí seo a bhaint amach ná trí chur chuige níos spriocdhírithe a úsáid chun a chinntiú go mbeidh foireann leis na scileanna riachtanacha Gaeilge ar fáil chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge nuair a theastaíonn sin.  Ceapadh scéim de mharcanna bónais don Ghaeilge beagnach 40 bliain ó shin.  Glactar leis go coitianta nach bhfuil mórán déanta ag an ionstraim pholasaí seo chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge sa Státseirbhís.  Mar gheall air sin agus mar thoradh ar chinntí a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013, tá na bearta seo a leanas chun teacht in áit an pholasaí de mharcanna bónais a tugadh as inniúlacht sa Ghaeilge.
Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna agus ar oifigí sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre.  Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar na ceantair sin.  Beidh an próiseas seo lárnach i gcinntiú go ndéanfar foráil dóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge.  Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.  Mar chéad chéim sa chomórtas earcaíochta d’oifigigh feidhmiúcháin atá ar na bacáin i láthair na huaire, tá sé i gceist fo-phainéal de dhaoine le Gaeilge a bhunú nach rachaidh thar 6% den phainéal iomlán.  Déanfar measúnú ar thoradh an chomórtais sin chun an t-éileamh atá ar oifigigh le Gaeilge ar fud na Státseirbhíse a mheas.  Má tá an toradh sin dearfach, tá sé i gceist an socrú seo a chur i bhfeidhm de réir mar is cuí d’earcaíocht amach anseo agus d’arduithe céime i ngráid neamhspeisialtóra sa Státseirbhís.
Chun feabhas a chur ar inniúlacht Ghaeilge na Státseirbhíseach atá ann faoi láthair agus chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí i nGaeilge, tá sé i gceist córas nua do thástáil inniúlachta a chur i bhfeidhm faoina bhféadfar Státseirbhísigh atá ann faoi láthair a shannadh do phoist shonracha ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge, mar a shainaithnítear sin i scéimeanna teanga atá aontaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.  Déanfaidh Ranna éascaíocht do Státseirbhísigh chun freastal ar chúrsaí oiliúna i nGaeilge agus chun scrúduithe a dhéanamh faoin gcreat náisiúnta cáilíochtaí nó faoi theastas Eorpach na Gaeilge.  Beidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta freagrach as na córais nua oiliúna agus inniúlachta a chur i bhfeidhm faoi théarmaí an chomhaontaithe seirbhíse a aontaíodh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe anuraidh.  Creidim gur céim sa treo ceart é an polasaí seo.  Don chéad uair le 40 bliain anuas, cuirfear córas úr i bhfeidhm faoina ndéanfar cuóta sonrach de phoist a shocrú chun daoine le cumas sa Ghaeilge a earcú don Státseirbhís.  Ciallaíonn cur i bhfeidhm an pholasaí nua seo fosta go bhfuil ceann de bhearta tábhachtacha na straitéise 20 bliain don Ghaeilge á chur i gcrích.  Moladh sa straitéis go ndéanfar díriú isteach ar an leibhéal earcaíochta i gcomhthéacs an fhadhb seo.
Tá obair an-fhiúntach curtha i gcrích ag Oifig an Choimisinéara Teanga le deich mbliana anuas.  Glacaim buíochas arís le Seán Ó Cuirreáin agus le foireann a oifige as a saothar díograiseach i gcaitheamh na mblianta sin.  Is mian liom an deis seo a thapú fosta gach rath a ghuí ar Sheán agus a theaghlach sna blianta amach romhainn.  Tá áthas orm go bhfuil an tUasal Rónán Ó Domhnaill tar éis glacadh leis an ainmniúchán don phost mar Choimisinéir Teanga úr.  Roghnaíodh é as measc 21 duine a rinne léiriú spéise i gcomhair an cheapacháin chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.  Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do gach duine dóibh a rinne léiriú spéise sa phost seo.  Is de bhunadh Ghaeltacht an Cheathrú Rua i gContae na Gaillimhe é an tUasal Ó Domhnaill ó dhúchas.  Tá taithí leitheadach aige ar an Státchóras trína phost mar chomhfhreagraí polaitíochta le Nuacht RTÉ agus TG4 le seacht mbliana anuas.  Ón aithne atá agam ar Rónán Ó Domhnaill, agus déarfainn ón aithne atá ag muintir an Tí seo ar Rónán Ó Domhnaill de thairbhe a chuid oibre, a phearsantacht agus a phroifisiúntacht mar chomhfhreagraí anseo le blianta anuas, sílim go nguífidh gach éinne gach rath agus sonas air sa phost atá á thairiscint dó.  Tá mé cinnte go mbeidh tacaíocht gach duine san Oireachtas le fáil ag Rónán Ó Domhnaill nuair a bheidh a ainm á chur ar aghaidh chuig an Uachtarán lena cheapadh mar Choimisinéir Teanga.  Sílim go gcuirfidh sé a shéala féin ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa tír seo.  Molaim a ainm go hard don Teach.

 

Deputy Michael P. Kitt: Information on Michael Kitt Zoom on Michael Kitt Cuirim fáilte roimh an rún seo, go molann Dáil Éireann an tUasal Rónán Ó Domhnaill lena cheapadh ag an Uachtarán mar Choimisinéir Teanga.  Tagann Rónán Ó Domhnaill ón gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara.  Mar a dúirt an tAire Stáit, d’oibrigh sé mar iriseoir ar son Nuacht RTÉ agus TG4 i dTeach Laighin le blianta anuas.  D’oibrigh sé freisin ar chlár teilifíse RTÉ, “The Week in Politics”.

  Caithfidh mé buíochas a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin, an coimisinéir atá ag éirí as, as ucht an méid oibre atá déanta aige.  Chuala mé Seán Ó Cuirreáin ag caint ag dhá chruinniú Oireachtais.  Mar is eol don Aire Stáit, ní raibh sé sásta le polasaithe an Rialtais i leith na Gaeilge.  Cheap sé nach raibh na moltaí a bhí á dhéanamh aige á gcur i gcrích ag an Rialtas.  Beidh na fadhbanna céanna ag an gcoimisinéir nua muna n-athraíonn lucht an Rialtais na polasaithe atá acu.  Thuig Seán Ó Cuirreáin gur beag eile a d’fhéadfadh sé a bhaint amach go pearsanta i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa dhá bhliain a bheadh fágtha aige sa phost.  Ar ndóigh, bhí díomá air gur cheap sé go mbeadh sé níos fearr gan an dá bhliain a chaitheamh sa phost.

  Bhíomar ag súil le dul chun cinn nuair a tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach.  Tá méadú tagtha ar an tuiscint atá againn ar chearta teanga.  Tá Oifig an Choimisinéara Teanga ag tabhairt tacaíocht don tuiscint sin.  Ba mhaith liom go dtabharfadh an tAire Stáit an scéal dúinn faoin méid gur féidir leis a dhéanamh chun níos mó Státseirbhísigh le Gaeilge a cheapadh.  Ba cheart seirbhísí Stáit a sholáthar trí Ghaeilge gan cheist gan choinníoll.  Ní bheadh mórán costais ag baint leis sin, go háirithe ós rud é go bhfuil an Rialtas ag cur níos mó daoine ar fáil sa Státseirbhís.  Dúirt an Coimisinéir Teanga ag na cruinnithe ar a d’fhreastal mé go bhfuil níos mó ná dhá bhliain caite ag déanamh athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla gan cinn an Bhille curtha chun cinn go fóill.  B’fhéidir gó mbeidh an tAire in ann a rá cathain a bheidh na leasuithe sin ullamh.  Dúirt sé ina ráiteas go mbeidh siad linn “go luath”.  An mbeidh na leasuithe fhoilsithe roimh an tsamhraidh?  Is ceist an-tábhachtach é sin dóibh siúd atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh.

 

Speaker Continuing)

[Deputy Michael P. Kitt: Information on Michael Kitt Zoom on Michael KittLabhair an tAire Stáit faoin gcinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman.  Tá sé soiléir go dtógadh an cinneadh seo dhá bhliain ó shin i ngan fhios don dá oifig.  Níos mó ná dhá bhliain níos déanaí, níl a fhios ag éinne conas a n-oibreoidh an oifig nua.  Deirtear go mbeidh an cónascadh déanta roimh mhí Mheán Fómhair.  Caithfidh Oifig an Chomisinéara Teanga na hacmhainní riachtanacha a fháil chun a chuid oibre a chomhlíonadh.  Ní féidir le haon choimisinéir iomarca muiníne a bheith aige nó aici sa chóras nua pleanála teanga atá beartaithe faoi Acht na Gaeltachta.

  Ba mhaith liom caint faoi Lá Mór na Gaeilge, a tharla i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite.  Bhí daoine ag máirseáil ó Chearnóg Phamell go dtí Sráid Chill Dara, os comhair Teach Laighean.  Bhí pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó Thuaidh agus ó Theas ag iarraidh cothrom na féinne a fháil.  Tá sé i gceist go mbeadh seirbhísí Stáit ar fáil don phobal, go háirithe sa Ghaeltacht, trí mheán na Gaeilge ar chomhchaighdeán agus ar chomhchéim leis na seirbhísí atá ar fáil trí mheán an Bhéarla.  Ócáid an-tábhachtach a bhí ann.  Is mór an trua é, i gcomhthéacs na rudaí a bhí á rá ag Lá Mór na Gaeilge agus na rudaí a mhol Seán Ó Cuirreáin, nach bhfuil an Rialtas ó Dheas ag tabhairt tacaíochta do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.  Luaigh Comhairle na hEorpa i dtuairisc a d’fhoilsigh siad ar 14 Eanáir seo caite go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar an dearcadh i leith na teanga i Stormont, go háirithe an easpa tacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus i gcúrsaí oideachas.

  De réir bileog a sheol Conradh na Gaeilge chugainn, tá siad ag iarraidh ar pholaiteoirí ó Thuaidh agus ó Theas todhchaí a roghnú don teanga agus nithe áirithe a dhéanamh: seirbhísí Stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta gan cheist gan choinníoll faoi dheireadh 2016, seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla; Acht Gaeilge cuimsitheach ceartbhunaithe a achtú ó Thuaidh; Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú i mbliana; deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach; agus an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge ó Dheas agus sa straitéis don Ghaeilge ó Thuaidh.  Mar a dúirt Conradh na Gaeilge, is le gach éinne an teanga.  Creideann siad go gcaithfear an deis agus an ceart sin – an teanga a labhairt – a thabhairt do na daoine a roghnaíonn í a úsáid.

  Bhí daoine ag caint ag Lá Mór na Gaeilge Dé Sathairn seo caite faoi thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge.  Bhí na focail “táimid dearg le fearg” scríofa ar na bratacha a bhí ag daoine ag an máirseáil sin – ar ndóigh, bhí an áit dearg le bratacha freisin.  Bhuail mé le bean ó Chontae Mhaigh Eo a dúirt liom – tá sé seo sna nuachtáin – “if you send the HSE an e-mail in Irish you’ll get a response in English and that says it all really”.  Ní dóigh liom gur cheart go bhfaigheadh duine le Gaeilge ón nGaeltacht a leithéid de fhreagra.

  Ceapann a lán daoine go bhfuil an teanga faoin ionsaí.  D’fhéadfainn ceisteanna eile, a bhaineann le cearta daonna agus leis an daonlathas, a lua sa chomhthéacs seo.  Ní bhfuair muintir na Gaeltachta seans vóta a chaitheamh d’iarrthóirí Údarás na Gaeltachta ós rud é gur cuireadh na toghcháin ar ceal.  Tá gearradh siar déanta ar airgead an údaráis cé go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndífhostaithe sa tír seo, an Ghaeltacht san áireamh.  Tá amhras ar dhaoine faoi thodhchaí na seirbhísí farantóireachta agus aeir go dtí na hoileáin.

  Cuirim fáilte roimh an airgead atá á sholáthar ag an Aire Stáit don straitéis 20 bliain.  Fáiltím freisin roimh an obair atá á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta agus TG4.  An rud is mó a ghoileann orm – bhí sé seo soiléir Dé Sathairn seo caite – ná nach bhfuil daoine in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.  Tá geallúntas déanta go dtiocfaidh feabhas ar an bhfadhb seo roimh 2016.  Thug Conradh na Gaeilge le tuiscint ag an deireadh seachtaine gur féidir a rá nach bhfuil gá le Acht teanga, ós rud é go bhfuil sé seo clúdaithe sa Bhunreacht,  ach tá súil agam go mbeidh Acht nua againn ar aon nós.

  Cuirim fáilte arís roimh ainmniúcháin Rónán Ó Domhnaill.  Tá súil agam go mbeidh Oifig an Choimisinéara Teanga fós neamhspleách agus láidir.  Tá súil agam nach ndéanfaí aon mhaolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis 1 Eanáir 2016.  Ní ceart go mbeadh aon laghdú eile ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, ar bhuiséad Foras na Gaeltachta nó ar bhuiséad Roinn na Gaeltachta.  Ba cheart go mbeadh na mbuiséid sin méadaithe de réir a chéile.  Cuirim fáilte arís roimh an gcoimisinéir nua.  Tá súil agam go mbeidh obair fhiúntach á dhéanamh aige.

Deputy Peadar Tóibín: Information on Peadar Tóibín Zoom on Peadar Tóibín Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt le mo chomhghleacaí, an Teachta Ellis.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin as an obair iontach a rinne sé le linn an tréimhse a chaith sé mar Choimisinéir Teanga.  Is laoch díograiseach é.  Is mór an trua go bhfuil sé imithe ón bpost seo.  Ba mhaith liom freisin fáilte a chur roimh an gCoimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill.  Tá aithne agam air agus aithním an méid oibre atá déanta aige sna meáin chumarsáide le blianta anuas.  Is fear cumasach é.  Is ardfhear é.  Tá mé lán cinnte go ndéanfaidh sé a dhícheall a chuid dualgais a chomhlíonadh.  Caithfidh mé a rá, áfach, go bhfuil mé buartha go ndéanfaidh an Rialtas iarracht bac a chur ar a chuid iarrachtaí, díreach mar a rinne siad i gcás an coimisinéir deireanach.

  Táimid ag maireachtáil i dtréimhse uafásach phráinneach don teanga.  Tá doras na Gaeilge ag dúnadh ag an bomaite.  Tá 3,000 bliain de stair, cultúr, eolas, ealaín, smaoineamh, fealsúnacht agus féiniúlacht sa tír seo ag teacht chun deiridh fad is atá an Aire Stáit ag faire amach.  Tá sé ráite go bhfuil an cuma ar an scéal go mbeidh an ghlúin seo an ghlúin dheireanach ina mbeidh an teanga beo i measc an phobail timpeall na tíre.  Nuair a tháinig an t-eolas seo chun cinn ó thaighde a rinneadh thar tréimhse chúig bliana, socraíodh gur cheart an straitéis 20 bliain a chur le chéile.  De réir an taighde, b’fhéidir go bhfuil 15 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail.  Tá an straitéis 20 bliain foilsithe, ach níl sí á cur i bhfeidhm ag an Rialtas.  Níl riachtanas ar bith sa straitéis – braitheann sé ar toil an Rialtais.  Tá sé ráite ag Seán Ó Cuirreáin nach fiú tráithnín féir aon straitéis mura gcuirtear i bhfeidhm í.

  Conas a bhfuil ag éirí leis an Rialtas sa chomhthéacs seo?  Bíonn an tAire, an Teachta Deenihan, in easnamh i gcónaí nuair a bhíonn an Ghaeilge á plé.  Níl guth na Gaeilge le cloisteáil ag an gcomh-aireacht ar chor ar bith.  Deireann an tAire Stáit rud amháin agus déanann sé rud eile.  Tá an tóin titithe amach as an mbuiséad.  Tá an daonlathas bainte amach as Údarás na Gaeltachta.  Fiú sna háiteanna nach bhfuil airgead de dhíth chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge, níl an Rialtas ag déanamh róchabhrach.  Mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin, caitheann saoránaigh na tíre seo 14 bliain ag foghlaim na Gaeilge, ach ina dhiaidh sin tá orthu Béarla a labhairt leis na Státseirbhísigh.  Níl aon rogha acu.  Fiú nuair atá rialacha ann chun daoine a earcú, níl an Státseirbhís sásta glacadh leis na rialacha sin.  Nuair a dhíríonn an coimisinéir isteach ar na fadhbanna sin, níl an Rialtas sásta tacaíocht a thabhairt dó chun iad a réiteach.  Ní chosnaíonn oibrithe le Gaeilge níos mó ná oibrithe le Béarla.

  I mo thuairim, eachtra uafásach a bhí ann nuair a sheas an Coimisinéir Teanga síos.  Ba é an chéad uair riamh sa tír seo gur sheas Ombudsman siar.  Nuair a tháinig Seán Ó Cuirreáin isteach go dtí an tOireachtas cúpla seachtain ó shin chun a chuid cleachtadh agus a chuid tuairimí a roinnt linn, ní raibh ball den Rialtas ar bith sásta freastal ar an gcruinniú sin.  Bhí an tOmbudsman ann, ach ní raibh éinne ó Fhine Gael nó Páirtí an Lucht Oibre i láthair.  Léiríonn sé sin masla uafásach do Sheán Ó Cuirreáin.  Léiríonn sé sin masla uafásach don Ghaeltacht agus do mhuintir na Gaeilge timpeall na tíre.  Bhí mé ag an mórshiúl an deireadh seachtaine seo caite.  Mar a dúirt na daoine a ghlac páirt san ócáid sin, tá fearg uafásach ar mhuintir na Gaeltachta agus ar mhuintir na Gaeilge de bharr na ndrochrudaí atá an Rialtas seo ag déanamh don teanga.

Deputy Dessie Ellis: Information on Dessie Ellis Zoom on Dessie Ellis Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do Seán Ó Cuirreáin mar gheall ar an obair a ndearna sé ar feadh deich mbliana mar Choimisinéir Teanga don Ghaeilge sa tír seo.  Is mór an trua nach raibh sé sásta fanacht sa phost, go dtí deireadh a réim.  Gan amhras, bhí díomá air maidir leis an tslí atá rudaí ag dul, ní hamháin leis an Rialtas ach leis an Státchóras.

  Tá dul chun cinn mór déanta timpeall na tíre, sa Deisceart agus sa Tuaisceart.  I mo cheantar féin, tá na scoileanna, Gaelscoil Uí Earcáin i Fionnghlas agus Scoil an tSeachtar Laoch, i mBaile Munna, ag fás go tapaidh agus tá scuaine fada ar an liosta feithimh le dul isteach iontu.  Tá scoileanna tríú leibhéal de dhíth i mo cheantar agus timpeall na tíre.  Tá daoine ag lorg oideachais níos leithne trí Ghaeilge agus ag lorg coláistí le gach ábhar trí Ghaeilge ar an gcuraclam.  Níl go leor daoine agus Gaeilge acu á úsáid go rialta, fiú sna Gaeltachtaí agus is sin an dúshlán atá os comhair an fhir nua, Rónán Ó Domhnaill, agus ár sochaí.

  Tá cáil ar Rónán Ó Domhnaill mar fhear macánta, díograsach agus an-ábalta ar fad.  Cuirim fáilte roimhe agus é ag dul i mbun a phost nua.  Tá sé le feiceáil go bhfuil daoine sa Státchóras a thacaíonn go láidir leis an nGaeilge, ach tá fórsaí níos láidre agus níos forleithne ann ar an mheon gur cuma leo faoinár dteanga náisiúnta.  Tá ár dteanga in ainm a bheith ar an leibhéal céanna le Béarla, ach níl sin le feiceáil.  Teanga gan pobal, is teanga gan anam í.  Níl go leor daoine le cumas Gaeilge sa chóras riaracháin phoiblí agus níl an toil ann athrú a dhéanamh chun déileáil leis an bhfadhb seo.  Rinne saineolaí áirithe staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus dúirt sé go raibh an Ghaeilge níos imeallaí ná riamh sa Stát Seirbhís.  Caithfimid troid ar son ár dteanga agus caithfidh gach eagraíocht Gaeilge obair le chéile leis an aidhm céanna a bhaint amach, ár dteanga a chur chun cinn.

  Ba cheart go gcuirfí níos mó béime ar labhairt na Gaeilge i scoileanna thar timpeall na tíre.  Tá athrú de dhíth maidir leis an tslí a múintear Gaeilge.  Tá daoine ag caitheamh blianta i scoileanna ag foghlaim, ach níl siad ábalta comhrá a bheith acu le chéile.  Cén fáth gur féidir linn teanga eile a fhoghlaim, ach nach féidir linn an Ghaeilge a fhoghlaim?  Tá busanna ar Bhóthar na bhFál agus ceannscríbe i nGaeilge orthu.  Ní raibh mé ag súil go dtarlódh seo riamh agus tá sé dochreidte go bhfuil seo ag tarlú ar Bhóthar na bhFál.

  Tá dúshlán mór roimh Rónán Ó Domhnaill, ach tá dóchas ann.  Féach ar an dTuaisceart agus ar an mhéid duine ansin atá ag úsáid na teanga, gan cuidiú mhaith ó Rialtas Shasana.  I mo cheantar freisin, tá daoine ag lorg Gaelscoileanna agus naíscoileanna agus tá scuaine mór ag feitheamh orthu.  Tá dóchas ann don teanga agus is dóigh go n-aontódh an tAire Stáit liom faoi sin.

Deputy Joe Higgins: Information on Joe Higgins Zoom on Joe Higgins Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Teachta Ó Murchú.
Tá súil agam gur thóg an Rialtas ceann ar na mílte duine óg a bhí amuigh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite ar mhórshiúl de chuid na heagraíochtaí Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus a leithéid, i rith Lá Mór na Gaeilge.  Séard a bhíodar ag lorg ná go mbeadh an Rialtas dáiríre faoi staid na Gaeilge sa tír seo.  Dúirt an-chuid díobh go rabhadar dearg le fearg toisc nach gceapann siad go bhfuil sin amhlaidh.  Ní cheapann siad go bhfuil an Rialtas dáiríre faoi chearta lucht labhartha na Gaeilge a chur i gceart.
Dúirt an coimisinéir deireannach, Seán Uasal Ó Cuirreáin a d’éirigh as oifig, agus é os comhair An Comhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha, go ginearálta, dóibh siúd atá gafa go gairmiúil nó go deonach le cosaint nó cur chun cinn na teanga, gur tréimhse í seo atá lán le héiginnteacht.  Dúirt sé:

  Ní fhaca mé in imeacht 30 bliain mar iriseoir nó mar Coimisinéir Teanga an oiread ísle brí agus lagmhisnigh, d’ainneoin tacaíocht ollmhór ag tromlach an phobail i gcoitinne sa tír don teanga.  Tá sí á ruaigeadh go leanúnach chuig imeall na sochaí.  Airím anseo cuid mhaith den riarachán phoiblí.  Ní bheidh sé furasta í a thabhairt ar ais go háit níos lárnaí.

Tá sé imníoch amach is amach go mbeadh ar Choimisinéir Teanga a leithéid a rá.  Is cúis náire é don Rialtas agus do rialtais roimhe seo atá tar éis a leithéid de staid a ligint a theacht i gcrích.
Ceann de na gearáin is mó, fiú amháin insan Ghaeltacht féin, ná nach féidir le muintir na Gaeltachta a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge mar cheart choitianta.  Tá an scéal mar an gceánna taobh amuigh den Ghaeltacht.  Is minic go mbíonn daoine ag glaoch ar Rannaí Rialtais nó ar rannaí phobail agus go dteastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, ach nach féidir leo mar nach bhfuil éinne ann chun labhairt leo sa teanga.  Tá sin náireach amach is amach.  Bíonn ar na daoine sin fanacht go dtiocfaidh duine éigin thar n-ais chucu, b’fhéidir nach sa lá céanna.  Ní cheart go dtarlódh sé sin in aon tír maidir le gnáth theanga an phobail, pé acu Béarla nó Gaeilge sa tír seo.  Caithfear achmhainní a chur isteach chun an cheist seo a athrú.
Maidir le staid na Gaeilge, ar ndóigh tá comhthéacs níos leithne anseo.  Tá an ghéarchéim eacnamaíochta sa tír seo ag bánú na Gaeltachtaí agus tá polasaithe déine an Rialtais agus na ciorruithe sa chaiteachas phoiblí agus seirbhísí phoiblí ag bánú na Gaeltachtaí.  I measc na mílte postanna sa tseirbhís phoiblí atáthar tar éis ligint le sruth, bí cinnte go raibh an-chuid daoine de lucht labhartha na Gaeilge a d’fhéadfadh gnó a dhéanamh le muintir na Gaeltachta agus iad ag glaoch isteach.  Dá bhrí sin, tá na polasaithe déine ag déanamh an-scrios agus an-dochar don Ghaeltacht agus do mhuintir na Gaeltachta.  Tá lucht óg na Gaeltachta ag imeacht as an dtír agus is mór an náire dúinn é sin.  Dá bhrí sin, caithfear deireadh a chur leis na polasaithe déine agus polasaithe radacacha eacnamaíochta, polasaithe sóisialacha a chur i bhfeidhm.
Mar fhocal scoir, guím gach rath ar Rónán Uasal Ó Domhnaill, ach ní bheidh éifeacht ag baint leis an oifig muna dtugtar na hacmhainní caoi agus tacaíocht oifigiúil don oifig, i dtreo agus gur féidir le daoine a gcearta a bheith acu maidir leis an dteanga go dteastaíonn uathu a labhairt go laethúil.

 

Deputy Catherine Murphy: Information on Catherine Murphy Zoom on Catherine Murphy I am very much a product of the Irish education system.  I studied Irish in primary and secondary school and I even went to the Gaeltacht on about three occasions and, much to my regret, I still could not converse in Irish.  I did make a contribution to the Irish language by virtue of the fact that I sent my children to an all-Irish school so they do not have the same disadvantage as me from that point of view.

  I thank the outgoing Irish language commissioner for his dedication, work and obvious concern.  The concern is the regret we will all have at the manner of his departure and the fact that he is pessimistic about the future of the Irish language.  I also wish Rónán Ó Domhnaill all the best.  He will need to see some elevated concern from the Government because there is clearly a problem.  The number of people on the street on Saturday show there is a serious issue that must be addressed.

  As Deputy Ellis mentioned, it is not exclusively in the Gaeltacht areas that issues arise with the Irish language.  North Kildare is not an area in which one would expect to find such a problem.  We have four primary schools where teaching is done through the medium of Irish, three of them in the north-east part of the county.  The schools in Kilcock, Leixlip and Maynooth are very popular and have refused a place to 200 pupils at primary level because they are over-subscribed.  Scoil Uí Riada in Kilcock has allocated 56 places and 94 children have been refused places.  Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh in Leixlip was established in 1979, which indicates that it is no fleeting idea.  The school has allocated 64 places for September and refused 32 children.  In Gaelscoil Uí Fhiaich in Maynooth 62 places have been allocated and 71 children were refused a place.  There is no place for those children in secondary school.  An entire class of secondary school students is being pushed towards An Aonad in Maynooth, which according to parents is a downgrading in terms of education through Irish because they want their children to be wholly educated through Irish.  They understand the difference involved in being immersed in a language and being offered a few subjects in Irish.

  There is no shortage of people to assist in the revival of the language but there is a real problem with the necessary provision to allow that to occur.  That is a very practical issue.  If that position had been articulated 100 years ago when people were talking about the revival of the language and culture they would have been horrified to think that on the cusp of the centenary of a number of major events in our history we refuse to educate children that are queuing up to be educated through Irish.  We must examine dimensions of the issue that are not exclusively related to the problems that occur in the Gaeltacht.  This is another missed opportunity.

  The children that started in the first all-Irish school in north Kildare are now parents and are sending their own children to the same school.  We are into the second generation and a community has been established in the area but there is no Gaelscoil for the children to attend.  The Gaelcholáiste that was built in Lucan is fully subscribed to by the two Gaelscoileanna in Lucan.  A real opportunity is being missed.  The information must be factored into the initiatives and a co-ordinated approach must be taken by the Government, including the Department of Education and Skills, in the provision of the opportunities that are so demonstrably absent in the areas to which I draw attention.

Deputy Joe O’Reilly: Information on Joe O'Reilly Zoom on Joe O'Reilly Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Teachta Kyne.

Acting Chairman (Deputy Peter Mathews): Information on Peter Mathews Zoom on Peter Mathews Is that agreed?  Agreed.

Deputy Joe O’Reilly: Information on Joe O'Reilly Zoom on Joe O'Reilly Tá an tUasal Rónán Ó Domhnaill ainmnithe ag an Rialtas le ceapadh don phost mar Choimisinéir Teanga in áit an tUasal Seán Ó Cuirreáin, atá ag éirí as oifig.  Is duine den chéad scoth é Rónán Ó Domhnaill.  Tá an-mheas air mar iriseoir agus mar chraoltóir.  Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é.  Tá sé ag obair mar chomhfhreagraí polaitíochta le Nuacht RTÉ agus TG4 le seacht mbliana anuas.  Tá sé thar a bheith tábhachtach gur fear Gaeltachta é.  Is duine stuama láidir é.  Bhuail mé leis cuid mhaith uaire agus rinne mé cuid mhaith agallaimh leis.  Go háirithe, tá scileanna idirphearsanta faoi leith aige.  Beidh sé sin an-chabhrach dó agus an jab tábhachtach seo á dhéanamh aige.

  Is oifig reachtúil neamhspleách í Oifig an Choimisinéara Teanga, a bunaíodh sa bhliain 2004 faoi Alt 20 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.  Is iad dualgais an choimisinéara ná faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta ag comhlachtaí poiblí agus gach beart riachtanach atá faoi réim a údaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha an Achta.  Tá sé an-tábhachtach go bhfuil na dualgais sin aige.  Tá sé mar aidhm ag an Rialtas go mbeidh seirbhísí poiblí ar fáil níos fairsinge trí Ghaeilge agus go mbeidh caighdeán níos airde ag baint leo.  Tá an Rialtas lándáiríre faoi seo.  Tá córas nua earcaíochta i bhfeidhm chun déileáil leis na fadhbanna atá luaite le tamall.  Beidh Ranna Stáit ag scrúdú na riachtanais atá ann maidir le poist Gaeilge sa Státseirbhís.  Tá sé i gceist sa chéad chomórtas eile d’oifigigh feidhmiúcháin 6% d’fholúntais a chur ar fáil do dhaoine atá ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.  Tá sé sin an-tábhachtach.  Tréaslaím leis an Aire Stáit de bharr an jab sin a dhéanamh.  Tá mé an-sásta go bhfuil an tionscnamh riachtanach seo ag tarlú.

  Tá athbhreithniú ar siúl ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.  Beidh moltaí ag dul chuig an Rialtas gan mhoill.  Tá sé geallta i gclár an Rialtas go ndéanfar cearta lucht na Gaeilge a chruthú ar bhealach níos éifeachtaí.  Cé go bhfuil géarchéim airgeadais sa tír seo, táimid ag déanamh infheistíochta sa teanga, go háirithe sa Ghaeltacht ach freisin i ngnéithe oidhreachta agus cultúrtha an teanga.  Táimid ag tabhairt tacaíochta do TG4, do Raidió na Gaeltachta agus d’Údarás na Gaeltachta, mar ba chóir go ndéanfaimid, in ainneoin go bhfuil géarchéim sa tír seo.  Sílim go bhfuil sé iontach tábhachtach go gcaitheann 24,000 mic léinn tréimhse sa Ghaeltacht gach bliain.  Tréaslaím leis an Aire Stáit go raibh sé in ann deontas na mná tí a choinneáil.  D’ísligh an Rialtas deireanach an méid airgead a fhaigheann na mná tí.  Tá an tAire Stáit ag cosaint an méid airgid a fhaigheann siad.  Tá an-jab á dhéanamh againn leis na scoileanna lán-Ghaeilge.

(Speaker Continuing)

[Deputy Joe O'Reilly: Information on Joe O'Reilly Zoom on Joe O'ReillyBa mhaith liom an tAire Stáit a mholadh as an tacaíocht a tugadh don fhoirgneamh agus d’áiseanna nua don Gaelscoil iontach atá againn i mBaile an Chábháin, atá againn le cúpla bliain anois.

  Tá an tAire Stáit ag dul os comhair an choiste ar 6 Márta agus táim lán sásta go mbeidh sé ábalta an coiste a shásamh go bfhuil muid ag comhlíonadh na ndualgas atá againn sa Ghaeilge agus ag iarraidh na straitéise a chur i bhfeidm.  Is fear Gaeltachta é an tAire Stáit, tá a chroí sa teanga agus tá sé lán dáiríre faoin obair seo.  Tá an meas céanna ag na daoine ar na binsí seo ar ár n-oidhreacht agus ar ár dteanga agus táimid dáiríre futhu, mar atá gach duine sna Tithe seo.  Ba mhaith linn go mbeadh an Ghaeilge á labhairt go fairsing sa tír agus go mbeadh tacaíocht níos fearr ar fáil di.  Táimid ar thaobh na Gaeilge agus nílim sásta éisteacht le daoine atá ag iarraidh muid a cháineadh as ucht sin.

Deputy Seán Kyne: Information on Seán Kyne Zoom on Seán Kyne Tá an-áthas orm a bheith anseo ag an ainmniú oifígiúil don Choimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill.  Tá Rónán molta ag an Rialtas don phost mar an dara Coimisinéir Teanga.

  Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a ghabháil leis an iar-choimisinéir, Seán Ó Cuirreáin, as ucht an obair a rinne sé le deich mbliana anuas ar son na Gaeilge.  Tá dul chun cinn déanta aige ar son na Gaeilge i rith a thréibse mar Choimisinéir Teanga, tréibhse atá ag teacht chun críche ar 23 Feabhra.

  Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le Rónán Ó Domhnaill, fear óg as mo dháilcheantar féin – Gaillimh Thiar.  Is as an gCeathrú Rua é Rónán, an baile sheirbhíse don Ghaeltacht is láidre sa tír, Gaeltacht Chonamara.  Cé go bhfuil sé óg, tá taithí aige sa bpolaitíocht, mar iriseoir polaitíochta, agus leis na meáin cumarsáide.  Tá súil agam go mbeidh sé in ann an taithí sin a úsáid ar son na teanga.

  Tá ról tábhachtach anois ag an gCoimisinéir Teanga nua.  Rinne an iar-choimisinéir ráiteas ag an gComhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltachta sa Dáil roimh an Nollaig agus arís an mhí seo caite.  Ag éirí as an ráiteas sin, bhí feachtas ag Conradh na Gaeilge ar son na teanga i dtaobh stádas na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí agus na fadhbanna atá ag muintir na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge seirbhísí poiblí a fháil trí Gaeilge.  Dúirt an t-iar-choimisinéir nach raibh sé in ann níos mó a dhéanamh ina phost chun seirbhísí a fheabhsú ar son lucht na Gaeilge agus, mar sin, go raibh sé chun dul ar scor.  Caithfidh mé a rá nár thosnaigh na fadhbanna sin i Mí Márta 2011 nuair a thóg an Rialtas seo cumhacht.  Bhí fadhbanna ann i bhfad roimhe sin.

  Ghlac an Rialtas seo le moltaí a bhí leagtha amach sa straitéis 20 bliain agus tá dul chun cinn déanta le cuid acu.  Tá na pleananna do na limistéir Gaeltachta ag dul ar aghaidh – tá plean i bhfeidhm i gceantar Chois Fhairrge, i mo dháilcheantar.  Tá an scéim nua chun tacú le haon chlann atá ag labhairt na Gaeilge sa bhaile, an clár tacaíochta teaghlaigh i bhfeidhm chomh maith.  Ach tá níos mó le déanamh fos.  Tá a fhios ag daoine go mbeidh gardaí ag teacht ar ais go Templemore i mbliana, i ndiaidh an coláiste traenála a bheith dúnta le roinnt blianta.  Chuir mé síos ceist pharlaiminteach an tseachtain seo caite don Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an Teachta Shatter, agus d’fhiafraigh mé dó an mbeadh cuóta ag Coimisinéir an Gharda Síochána maidir le cainteoirí Gaeilge, mar go bhfuil cuspóir sa straitéis 20 bliain faoi ról na Gaeilge sa Gharda Síochána.  Dúirt an tAire go raibh Coimisinéir an Gharda Síochána sásta go mbeadh cainteoirí líofa sa Ghaeilge aige san earcaíocht nua seo.

  Maidir le caighdeán na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí, chuir eagraíochtaí Gaeilge milleán ar Rialtas 1973-77, a rinne cinneadh deireadh a chur leis na coinníollacha gur gá Gaeilge a bheith ag gach duine le dul isteach sa seirbhís phoiblí.  Ach cén fáth nár athraigh aon Rialtas na coinníollacha sin o 1974?  An raibh sé deacair daoine a fháil le caighdeán maith i nGaeilge, b’fhéidir mar gheall ar chaighdeán labhartha na Gaeilge nó mar gheall ar an gcaoi a mhúintear í?  Tá plean ag an Rialtas é sin a athrú agus tá súil agam go mbeidh feabhas ar na figiúirí sna blianta amach romhainn.  Leag an tAire Stáit, an Teachta Mac Fhionnlaoich, plean le cuóta a shocrú le daoine le cumas sa Ghaeilge a earcú don Státseirbhís.  Is maith an rud é sin.  Seo an chéad uair le 40 bliain anuas go bhfuil cuóta nua mar sin leagtha amach.

  Labhair mo chomhghleacaí, an Teachta Joe O’ Reilly, faoin mhéid atá déanta.  Is maith an rud, mar shampla, nach raibh aon ghearradh siar ar na rátaí do mná tí i mbliana, cé gur ghearr an t-iar rialtas siar ar an mhéid a bhí ar fáil do mná tí.  Tá díospóireacht ag teastáil maidir le stádas na Gaeilge.  Ba cheart freisin go mbeadh leathuair nó uair a chloig againn gach lá sa Teach seo ina mbeadh an díospóireacht ar fad trí Ghaeilge.  Ba chóir mar sin go mbeadh díospóireacht againn faoi stádas na Gaeilge.  Is í an teanga oifigiúil agus caithfidh muid í a chur chun cinn gach uair is féidir.  Tá a fhios agam go mbíonn lá againn ar a mbíonn díospóireachtaí as Gaeilge againn, thart ar Seachtain na Gaeilge nó Lá Fhéile Pádraig, ach tá níos mó ná sin ag teastáil.

  Labhair an Teachta O’Reilly faoi na Gaelscoileanna chomh maith.  Tá an-dul chun cinn déanta le Gaelscoileanna ar fud na tíre agus tá siad ag dul i méid.  Tá níos mó daoine anois taobh amuigh den Ghaeltacht ag foghlaim na teanga agus is maith sin, ach tá laghdú ar an gcaighdeán in áiteanna eile.  Is mór an trua é sin, go háirithe nuair a tharlaíonn sin sa Ghaeltacht.  Tá feachtas ar bun chun an teanga a mhúineadh níos fearr agus aontaím leis an méid a rinne an Rialtas agus an iar-Rialtas maidir leis an bhéim a chur ar Ghaeilge labhartha.  Tá súil agam go dtiocfaidh feabhas ar an gcaighdeán dá bharr sin amach anseo.

Deputy Brendan Griffin: Information on Brendan Griffin Zoom on Brendan Griffin Cuirim fáilte roimh an deis an t-ábhar seo a phlé inniu.  Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le Rónán Ó Domhnaill as a cheapachán mar Coimisinéir Teanga.  Is duine aitheanta é Rónán i dteallaigh na tíre de bharr a thréimse mar iriseoir polaitiúil le RTE agus táim cinnte go mbeidh sé in ann caighdeán ard a chothabháil ina phost nua.  Tá ról an Choimisinéara Teanga an-tábhachtach agus tá freagracht ollmhór ag baint leis an bpost.  Tá lán muinín agamsa i Rónán Ó Domhnaill agus tá a fhios agam go mbeidh sé in ann jab iontach a dhéanamh.  Beidh neart dúshlán sa todhchaí don Ghaeilge agus mar náisiún, caithfimid go léir oibriú le chéile agus ár ndícheall a dhéanamh.

  Ní Gaeilgeoir mise nó ní as an Ghaeltacht mé, ach táim ag déanamh mo dhícheall faoi láthair chun an teanga a fhoghlaim agus a úsáid chomh minic agus is féidir liom.  Níl sin simplí.  Caithfimid, mar náisiún, tús a dhéanamh sa bhaile.  Caithfimid tosnú le páistí óga agus caithfimid ár mbeagán Gaeilge a úsáid lenár bpáistí sa bhaile.  Dá ndéanfadh muid sin, bheadh muintir na tíre ar fad in ann níos mó a dhéanamh don teanga.  Bhí mé i nDaingean Uí Chúis an Aoine seo caite, mar bím ann gach Aoine le haghaidh clinicí.  Is mór an trua gur sin an t-aon seans a bhíonn agam i rith na seachtaine mo chuid Gaeilge a úsáid le gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

  Bhuail mé le cairde an Aoine seo caite agus bhíomar ag labhairt faoin teanga agus faoi Lá Mór na Gaeilge Dé Sathairn seo caite.  Bhíomar ag plé freisin le smaointe a bhí againn maidir leis an Ghaeilge.  Bhíomar ag labhairt faoi mo cheantar, Cill, atá in aice le Caisleán na Mainge.

(Speaker Continuing)

[Deputy Brendan Griffin: Information on Brendan Griffin Zoom on Brendan GriffinMar a dúirt mé, níl sé sa Ghaeltacht.  Bhíomar ag rá – bhí cúpla duine ann – gur cheart dúinn iarracht a dhéanamh rud éigin a dhéanamh faoin teanga.  Tá plean fadteármach againn chun an teanga a fhorbairt sa Chill agus i gCaisleán na Mainge.  Chuala mé an smaoineamh nua faoi twinnings idir áiteanna Gaeltachta, cosúil le Baile na nGall, agus áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht, cosúil leis An Chill agus Caisleán na Mainge.  B’fhéidir go bhfuil seans againn an smaoineamh sin a fhorbairt.  An bhfuil an tAire in ann rud a dhéanamh faoi sin?  B’fhéidir go mbeadh seans ann áit éigin i gConamara a nascadh le háit éigin i mBaile Átha Cliath.

Deputy Dinny McGinley: Information on Dinny McGinley Zoom on Dinny McGinley Cad mar gheall ar Bhaile an Fheirtéaraigh?

Deputy Brendan Griffin: Information on Brendan Griffin Zoom on Brendan Griffin Sin é.

Deputy Dinny McGinley: Information on Dinny McGinley Zoom on Dinny McGinley Tá an-chuid airgead ag dul isteach ansin.

Deputy Brendan Griffin: Information on Brendan Griffin Zoom on Brendan Griffin Ba mhaith liom fáilte mhór a thabhairt don fhorbairt sin.  Tá sé an-tábhachtach don leithinis, don chontae agus don teanga.  Bhí mé ann leis an Aire Stáit nuair a thug sé cuairt ar an gceantar an bhliain seo caite.  Is scéal an-mhaith é don Ghaeltacht agus don teanga.  Táimid go léir fíorbhuíoch as an bhforbairt sin.  B’fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann rud éigin a dhéanamh chun an smaoineamh nua atá luaite agam a fhorbairt.

Deputy Dinny McGinley: Information on Dinny McGinley Zoom on Dinny McGinley Is smaoineamh an-suimiúil é.

Deputy Brendan Griffin: Information on Brendan Griffin Zoom on Brendan Griffin Is dócha go gcabhródh sé le an-chuid áiteanna caighdeán na Gaeilge sa cheantar a fhorbairt.

Deputy Patrick O’Donovan: Information on Patrick O'Donovan Zoom on Patrick O'Donovan Tá áthas orm cúpla focal a rá ar an rún seo – go molann Dáil Éireann Rónán Ó Domhnaill lena cheapadh ag an Uachtarán mar Choimisinéir Teanga – atá os comhair na Dála tráthnóna.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoimisinéir atá ag éirí as, Seán Ó Cuirreáin, as ucht an méid atá déanta aige ar son na teanga.  Is maith an rud é an Ghaeilge a chloisteáil sa Teach i rith na díospóireachta seo.  Tá Seachtain na Gaeilge ag teacht arís agus beidh deis againn go léir páirt a ghlacadh i Lá na Gaeilge.  Ba chóir do Theachtaí ó gach páirtí iarracht níos mó a dhéanamh an teanga a úsáid san Oireachtas.

  Cé nach bhfuil mé i mo shaineolaí, tá an-suim agam i mo theanga dhúchasach.  Tá mé sásta úsáid a bhaint as mo chuid Gaeilge nuair a bhíonn seans agam.  B’fhéidir go n-aontaíonn an tAire Stáit nach bhfuil Gaeilge róláidir agam i gcomparáid leis na Teachtaí ó chontaetha ar nós Gaillimh agus Ciarraí.  Ba chóir dúinn go léir an teanga a úsáid.  Admhaím go bhfuil obair le déanamh agam chun feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge.  B’fhéidir go mbeidh seans ag an Aire Stáit cabhair a thabhairt dom agus mé ag iarraidh mo chumas a fheabhsú.  Is léir go bhfuil fíorghrá ag an Aire Stáit don teanga agus go bhfuil sé tiomanta ina leith.  Tá a dhícheall déanta aige, ón uair a tháinig sé isteach sa Dáil sa bhliain 1982, cás na Gaeilge a chur chun cinn.  Nuair a ceapadh é mar Aire Stáit, bhí sé soiléir go gach Teachta sa Dáil, ó gach páirtí, go raibh an post sin tuillte aige.

  Tá súil agam go n-éireoidh go geal leis an gCoimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill, agus go mbeidh an t-ádh leis.  Duine den chéad scoth is ea é.  Tá sé soiléir ón am a chaith sé ag obair le RTÉ gur duine macánta é.  Níl aon dabht ná go bhfuil an post seo tuillte aige.  Nuair a bhí sé i mbun agallamh trí mheán na Gaeilge le RTÉ, thaitin sé liom gur dhein sé a dhícheall cabhair a thabhairt do pholaiteoirí nach raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu.  Bhí sé sin an-tábhachtach.  Beidh sé in ann an scil chéanna a úsáid mar Choimisinéir Teanga nuair a bheidh sé ag obair le comhlachtaí poiblí agus daoine áirithe nach bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu.  Is cinnte, ós rud é gur éirigh le Rónán Ó Domhnaill sa phróiseas seo, gur duine den chéad scoth é.

  Níl aon dabht ná go mbeidh ar an gcoimisinéir nua déileáil le mórán dúshlán ina phost nua má tá sé chun dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh na Gaeilge.  I measc feidhmeanna an oifig atá leagtha amach sa reachtaíocht, tá sé de dhualgas ar an gcoimisinéir a chinntiú go gcomhlíonann comhlachtaí poiblí forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla.  Tá sé tábhachtach go gcoimeádfaidh an coimisinéir súil ar na comhlachtaí agus oifigí poiblí go léir ar fud na tíre ionas go mbeidh seans ag muintir na tíre seirbhísí a úsáid trí mheán na Gaeilge.  Aontaím leis an Aire Stáit go bhfuil sé tábhachtach a chinntiú go bhfuil caiteachas ar an nGaeilge dírithe ar an mbealach is éifeachtaí an teanga a fhorbairt.  Ba cheart do gach Teachta iarracht a dhéanamh níos mó deiseanna a chruthú do gach duine an teanga a úsáid agus a fhorbairt.

  Tá sé ráite agam cheana leis an Aire Stáit, an Teachta McGinley, gur mór an trua é nach bhfuil roinnt mhaith daoine in ann úsáid a bhaint as an nGaeilge tar éis blianta a chaitheamh ar scoil ag foghlaim na teanga.  Dúshlán mór atá ann don tír, don Roinn agus don Oireachtas.  Cé go bhfuil an-chuid oibre déanta ag na gaelscoileanna agus na heagraíochtaí Gaeilge, tá sé soiléir gur chóir dúinn go léir ár ndícheall a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh leis na fadhbanna móra sa chomhthéacs seo.  Cuirim fáilte roimh an rún seo.  Tá súil agam go n-éireoidh go breá le Rónán Ó Domhnaill, a thagann as ceantar Gaeltachta i gContae na Gaillimhe.  Tá a chosa ar an talamh aige.  Tuigeann sé fadhbanna an teanga.

Deputy Frank Feighan: Information on Frank Feighan Zoom on Frank Feighan Tá an-áthas orm labhairt anocht anseo.  Tá súil agam go n-éireoidh go maith le Rónán Ó Domhnaill ina phost nua.  Tá cónaí orm i Mainistir na Búille i gContae Ros Comáin.  Bhí mé ar scoil ar feadh 14 years, ach níl an Ghaeilge go maith agam.  Chaith mé 14 years ar scoil, ach níl Gaeilge agam ná ag go leor daoine eile ar an oileán beag seo.  Tá mé ag seasamh sa toghchán i nGaillimh agus i Ros Comáin.  Is maith liom peil agus iomáint na Gaillimhe.  Tá Ros Comáin go deas freisin.  Tá mé ag foghlaim na Gaeilge agus tá feabhas ag teacht orm.  I wish Rónán Ó Domhnaill every success in his new job.

  We must ask ourselves why, in a small island like Ireland, ten of thousands of people like me have limited Irish despite going to school for 14 years.  I do not know what the problem is.  Maybe the Irish language has been taken over by a self-appointed elite group.  When I was appointed to the arts, sports and Gaeilge portfolio three and a half years ago, some members of this group wrote an article in a local newspaper saying they were unhappy.  They do not represent the Irish speakers or the people from the Gaeltacht.  Indeed, the reception I got in the Gaeltacht and from Conradh na Gaeilge and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, was absolutely terrific.  We need to do something to ensure Irish is not the preserve of the self-appointed academics.  People like me should be able to speak cúpla focal without having to worry if it is good enough or bad enough.  There has to be a certain level.  I wish Rónán Ó Domhnaill every success in his new job.

Speaker Continuing)

[Deputy Frank Feighan: Information on Frank Feighan Zoom on Frank FeighanIt is vital that there be some discipline within the Irish language.  Once again I thank the people from Clare Island and the Gaeltacht and from all the various organisations who were very kind to me and understood that there are tens of thousands like me who spent 14 years at school.  Maybe we did not apply ourselves as much.  Something needs to be done there.  I thank the Minister for all the work he has done in the last few years.  This is an inspired appointment and I wish Mr. Ó Domhnaill well.

Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Deputy Dinny McGinley): Information on Dinny McGinley Zoom on Dinny McGinley Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do na Teachtaí go léir a labhair ar an rún seo sa Dáil inniu.  Ba mhaith liom freisin mo bhuíochas a chur in iúl dóibh as an bhfáilte chroíúil fhlaithiúil a chur siad roimh ainmniúchán Rónán Ó Domhnaill mar an dara Coimisinéir Teanga sa tír seo.  Léiríonn an méid a bhí le rá ag na Teachtaí an meas, an urraim agus an aithne atá acu ar an bhfear seo.  Ón eolas agus ón aithne atá agam féin air, táim cinnte nuair a bheidh sé ainmnithe ag Uachtarán na hÉireann mar an dara Coimisinéir Teanga, go mbeidh sé éifeachtach, díograsach agus dícheallach i gcomhlíonadh a chuid dualgas.  Mar atá ráite ag na Teachtaí ar fad, is fear é a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht.  Is cainteoir dúchais é, tá cáilíochtaí acadúla aige agus tá taithí aige ar chúrsaí an Tí seo agus ar chúrsaí an Státchórais.  Tá aithne air ní hamháin anseo, ach ar fud na tíre.  Tá an t-ádh orainn go raibh duine leis na cáilíochtaí sin sásta a ainm a ligint chun tosaigh le bheith ainmnithe mar choimisinéir.

  Ba mhaith liom buíochas agus aitheantas a thabhairt freisin do na 20 duine eile a chur a gcuid ainmneacha isteach agus a léirigh suim sa phost seo.  Bhí ard-cháilíochtaí ag gach duine acu agus d’fhéadfadh éinne acu a bheith ina choimisinéir ná ina Choimisinéir Teanga, ach tar éis na hiarratais a scrúdú agus a mheas, shíl mé féin agus mo chuid comharleoirí go raibh na cáilíochtaí ceart, cuí agus oiriúnach ag Rónán Ó Domhnaill.  Ba mhaith liom arís mo bhuíochas a chur in iúl don Coimisinéir Teanga a bhí againn le deich mbliana.  Rinne sé a chuid oibre go héifeachtach.  Ní raibh an jab éasca, ach líon sé a chuid dualgas go héifeachtach agus is cinnte go ndearna sé seirbhís don Stát seo agus do theanga na Gaeilge.

  Nílim chun dul isteach i rudaí polaitíúla ag an phointe seo, ach ón taobh ar a bhfuil mé – mar adúirt an iar Teachta Ó Donnagáin 33 bliain ó shin sa Dáil seo – aithním go raibh suim agam i gcónaí i gcúrsaí Gaeilge.  Bhí suim agam i reachtaíocht don Ghaeilge agus is minic a bhí mé mar urlabhraí ar an bhinse tosaigh don Fhreasúra ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.  Bhí mé mar chathaoirleach ar an chomhchoiste a bhí ag plé le Gaeilge i 1994, 1995 agus 1996.  Bhí aithne ag daoine orm ó ghach taobh mar dhuine a raibh meas aige ar an Ghaeilge agus ar an teanga agus bhí a fhios acu go raibh mé féin as an Ghaeltacht.

  Ní aontaím ar chor ar bith leis an rud atá á rá ag daoine, go bhfuil an Rialtas seo i gcoinne na Gaeilge.  Níl sin fíor; tá sé bréagach.  Tá sé bréagach amach is amach.  Níl muid i gcoinne na Gaeilge.  Bhí mé ag éisteacht le cainteoirí anseo agus sheas siad suas agus labhair siad ar an ábhar seo agus dheimhnigh gach duine acu, cé acu ar labhair siad i mBéarla nó i nGaeilge, go bhfuil meas acu ar an teanga agus go bhfuil siad sásta gach tacaíocht, cuidiú agus comhairle a thabhairt don choimisinéir úr.  Geallaim don Teach, nuair a bheidh sé ainmnithe ag Uachtarán na hÉireann, go ndéarfaidh mise an rud cheanann céanna.

  Deirtear nach bhfuil seirbhísí á chur ar fáil i nGaeilge do mhuintir na hÉireann agus do mhuintir na Gaeltachta.  Tá sin fíor.  Táim i mo chónaí sa Ghaeltacht agus tá aithne agam ar mhuintir na Gaeltachta.  Tá a fhios agam go mbíonn orthu labhairt i mBéarla go minic nuair a bhíonn siad ag labhairt le oifigigh.  Ní haon rún é sin, ach ní Dinny McGinley a chruthaigh é sin.  Fuair mise é sin le h-uacht; fuair mé mar oidhreacht é.  Ní ormsa atá an locht maidir leis an easnamh atá sna seirbhísí Gaeilge nó i dtaobh seirbhísí nach bhfuil ansin.  Ní ar an Rialtas seo atá an locht ach an oiread.  Dúirt an Coimisinéir Teanga féin go bhfuil an locht ar ghach Rialtas agus ar an Stát.  An rud atá an Taoiseach ag iarraidh a dhéanamh, agus é mar chathaoirleach ar an choiste Gaeilge, ná iarracht ionraic a dhéanamh na deacrachtaí seo a leigheas.  Sin an rud atá á dhéanamh againn.

  Cibé córas a bhí i bhfeidhm le 40 bliain anuas chun státsheirbhísigh a thabhairt isteach a bhfuil Gaeilge acu, níor éirigh leis.  Dá mba rud é gur éirigh leis, ní bheadh muid ag argóint agus ag plé na ceiste seo inniu.  Táimidne chun rud éigin a dhéanamh, rud a mhol an coimisinéir atá tar éis éirí as oifig agus a mhol lucht na Gaeilge agus a mhol na daoine a bhí ag an mórshiúl Dé Sathairn.  Táimid chun tabhairt faoi réiteach na faidhbe seo ag an phointe earcaíochta – recruitment.  Sin an fáth go bhfuil cur chuige úr ar bun ag an Rialtas anois.  Sin an fáth, nuair a bheidh an chéad fheachtas earcaíochta eile ar siúl – beidh sé ar siúl gan mhoill – go mbeidh gá le Gaeilge líofa a bheith ag cuóta áirithe de na hoifigigh feidhmiúcháin a bheidh á cheapadh agus go mbeidh siad ábalta a gcuid oibre a dhéanamh le saoránaigh na hÉireann i nGaeilge nó i mBéarla.  Is céim ar aghaidh mhór í sin.

  Chomh maith le sin, tá treoir tugtha do gach Roinn scrúdú nó audit á dhéanamh – ó threoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí – ar cén áit i ngach Roinn a bhfuil feidhm le cainteoirí Gaeilge.  Tá an scrúdú sin ar siúl i láthair na huaire agus tá mise iontach dóchasach go líonfaidh muid an bhearna sin.  Bhí na daoine a bhí ar an mórshiúl ag caint faoi leasú ar Acht na dTeangacha 2003.  Is féidir liom a dhearbhú don Dáil go bhfuil an leasú sin idir láimhe againn, go bhfuil dréacht chinn an Bhille ullmhaithe agus go mbeidh siad ag dul chuig an Rialtas le linn an téarma seo.  Tá sin ráite agam arís agus arís eile, ach táim á rá arís sa Dáil anois.

  Tá súil agam nuair a rachaidh an rún seo maidir leis an gcoimisinéir nua tríd an Oireachtais agus nuair a cheapfaidh an tUachtarán é, go rachaidh sé i mbun oifige díreach.  Tá dúshláin roimhe agus geallaim go dtabharfaidh mise gach cúnamh gur féidir liom dó.  Tig liom a dhearbhú go mbeidh cuidiú agus tacaíocht an Rialtais ar fáil chomh maith, mar go bhfuil comhchoiste na Gaeilge againn sa Rialtas.  Tá an Taoiseach mar chathaoirleach ar an choiste sin agus tá na hAirí cuí air.  Bím féin i láthair ag na cruinnithe.  Tá cruinniú eile le bheith againn an tseachtain seo nó roimh dheireadh na seachtaine seo chugainn.  Tagann muid le chéile go rialta agus beidh muid ag scrúdú na pointí, na hiarratais agus na gearáin a bhí ag na daoine a bhí amuigh ag mairseáil an lá eile.

  Maidir leis an march, ní raibh aon rud agamsa ina gcoinne.

(Speaker Continuing)

[Deputy Dinny McGinley: Information on Dinny McGinley Zoom on Dinny McGinleyAn cheist gur mhaith liom a chur ná: Cén fáth nach raibh an march ar siúl deich mbliana ó shin nó cén fáth nach raibh an march 20 bliain ó shin?  Más mall is mithid.  Ba mhaith liom an rún seo a mholadh don Teach, go gcuirfidh muid ainm an duine uasal, éifeachtach, Rónán Ó Domhnaill ar aghaidh chuig Uachtarán na hÉireann le é a cheapadh mar an dara Coimisinéir Teanga.

 

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-09-20 22:50:07

Admin/login Comments RSS

ILBF