DÍOLTAS NA CUIMHNE: TIONSCADAL MARINA TSVETAEVA

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

DÍOLTAS NA CUIMHNE: TIONSCADAL MARINA TSVETAEVA

 

8.00 Dé hAoine 23 Bealtaine, Smock Alley Theatre, €10

 

IMRAM/DUBLIN WRITERS FESTIVAL Ba i Ré Airgid litríocht na Rúise a bhláthaigh Marina Tsvetaeva (1892-1941).Le linn Réabhlóid na Rúise a mhair sí agus a scríobh sí agus ina dhiaidh sin le linn Ghorta Mhoscó, an gorta ba thrúig bháis dá hiníon, Irina. Chuaigh sí féin agus a fear céile Sergei Efron ar deoraíocht agus nuair a d’fhill siad ar an Aontas Sóivéadach, cuireadh tréas i leith Sergei agus cuireadh chun báis é; cuireadh a n-iníon Alya chuig campa oibre éigeantais. Sa bhliain 1941 agus arm na Gearmáine ag réabadh rompu sa Rúis, chroch sí í féin. Tá paisean fíochmhar go smior ina cuid filíochta agus patrúin cheoil phreabarnacha. Léifidh Elaine Feinstein, duine de na sáraistritheoirí atá aici, leaganacha Béarla anocht agus cloisfear leaganacha Gaeilge ón Duibhneach dílis, Dairena Ní Chinnéide, draoithe ceoil á dtionclacan, Steve Cooney (giotár), Seán Mac Erlaine (sacsafón, cláirnéid,leictreonaic) móide íomhánna is grianghraif chartlainne ar scáilean le Margaret Lonergan a bhainfidh an anáil dínn. Stiúrthóir IMRAM, Liam Carson, coiméadaí an tionscadail seo.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 16:15:47

Admin/login Comments RSS

ILBF