‘Díolfaimid na cailíní scoile sa mhargadh’ Boko Haram

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir ceannasaí Boko Haram Abubakar Shekau gurb iad a d’fhuadaigh os cionn 200 cailín scoile san Nigéir agus bhagair sé iad a dhíol sa mhargadh. D’éalaigh 53 cailín nuair a tháinig gunnadóirí chuig an scoil i Chibok 3 seachtain ó shin ach thug na fuadaitheoirí 223 duine leo. Tá Meiriceá ar na tíortha a deir go bhfuil siad ag cuidiú leis na húdaráis sa Nigéir don chuardach do na fuadaitheoirí agus a ngialla ach tá Boko Haram iontach gníomhach in oirthuaisceart na tíre, áit a bhfuil  foraoisí ollmhóra agus teorainn le roinnt tíortha eile. San fhíseán ina bhagair Abubakar Shekau na cailíní a dhíol d’ionsaigh sé iad as a bheith ag fáil oideachais i scoil ‘Iartharach’ agus dúirt go mba cheart dóibh pósadh seachas a leithéid a dhéanamh.’Ní mór go mbeadh deireadh le hoideachas Iartharach. A chailíní, ba cheart daoibh dul agus pósadh.’ Tá rialtas na Nigéire faoi bhrú mar gheall ar an fhuadach, brú inmheánach ón phobal agus go háirithe ó ghaolta na ngialla, agus brú ar bhonn idirnáisiúnta mar gheall ar an ollphoiblíocht a tugadh don fhuadach san Iarthar.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-20 22:11:05

Admin/login Comments RSS

ILBF