Diantrodaíocht arís in Fallujah, Ramadi

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Maraíodh na scórtha i gcaismirtí a mhair feadh an lae inniu in Fallujah, Ramadi agus roinnt ceantracha eile san Tríatán Sunni san Iaráic. Inné ghabh trodairí Sunni, go leor acu i ngrúpaí atá ceangailte le Al Qaeda, ghabh siad roinnt ceantracha agus bailte, scrios beairicí na bpéas, shaoraigh cimí agus chuir cogadh ar phéas agus ar shaighdiúirí. Tá rialtas na hIaráice, rialtas Nouri al-Maliki atá faoi smacht an phobail Shia is mó, tá siad i ndiaidh saighdiúirí is peas breise a chur chuig na ceantracha. Maíonn an pobal Sunni san Iaráic go bhfuil leatrom ina gcoinne agus go bhfuil an rialtas anois go hiomlán faoi smacht an phobail Shia. Tá forneart san Iaráic ag dul in olcas as an úr. Anuraidh maraíodh os cionn 8,000 duine an.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 17:57:18

Admin/login Comments RSS

ILBF