Dianchúsa Gaeilge in Ard Mhacha

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh dianchúrsa Gaeilge ar siúl sa Pháirc Lúthchleasaíochta in Ard Mhacha Dé Sathairn 5 Deireadh Fómhair 11am go 4pm. Beidh bunrang, meánrang agus ardrang ann. Beidh lón san áireamh ar an chostas £10. Más mian leat áit a chur in áirithe ar an dianchúrsa, déan teagmháil le Seán ar 028 37 51 5229 nó sean@cairdeteo.com.

Beidh Pobal ag eagrú Cearta agus Ceiliúradh Dé Domhnaigh 6 Deireadh Fómhair in Halla Uladh, Béal Feirste idir 1pm agus 5pm. Beidh Cairde Teo ag eagrú bus do Ghaeil Ard Mhacha le freastal ar Lá Mór na Gaeilge. Beidh an bus ag imeacht ó Óstán Chathair Ard Mhacha ar 12 nóin agus beidh muid ar ais thart ar 6pm. Más mian leat áit a chur in áirithe ar an bhus, moltar teagmháil a dhéanamh le Seán asap ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com nó níl mórán suíochán fágtha.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 16:40:16

Admin/login Comments RSS

ILBF