Dianchogaíocht ar maidin seachas sos cogaidh in Gaza

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir arm Iosrael go bhfuil siad ag scrúdú tuairiscithe gur fuadaíodh saighdiúir dá gcuid ar maidin i gceantar Rafah in Gaza. Tá tuairiscithe ag teacht salach ar a chéile faoi cad go díreach a tharla ach maítear go bhfuil os cionn dá scór Palaistíneach marbh in oll-ionsaí Iosraelach ar an cheantar agus gur geall gur leagadh an baile Khuzaa go talamh san ionsaí sin. Deir Iosrael go bhfuil deireadh leis an sos cogaidh a mhair tuairim is dá uair a chloig. Maíonn lucht blagála in Iosrael gur tháinig trodairí Hamas as tollann agus rinne iarracht saighdiúir de chuid Iosrael a fhuadach. Maraíodh roinnt acu sin, dar le lucht blagála, agus tá cath ag dul ar aghaidh sa cheantar ó shin i leith. Níl aon dearbhú ar na scéalta seo ach is léir seachas sos cogaidh go bhfuil dlús ag teacht faoin chogaíocht in Gaza ar maidin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 05:47:41

Admin/login Comments RSS

ILBF