Deireadh seachtaine mór romhainn do Sheachtain na Gaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deireadh seachtaine mór romhainn do Sheachtain na Gaeilge

 

Tá an fhéile Ghaeilge idirnáisiúnta, Seachtain na Gaeilge, ar siúl ó 1 – 17 Márta agus tá deireadh seachtaine mór d’imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha romhainn chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a cheiliúradh. Cuirtear tús inniu le Rith 2014, ollrith sealaíochta ó Chorcaigh go Béal Feirste ar son na Gaeilge. Is féile pobail í Rith atá mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2014. Beidh scoileanna, grúpaí pobail, clubanna spóirt, clubanna óige, eagraíochtaí agus daoine aonair ag glacadh páirte sa rith agus ag aistriú an bhaitín sealaíochta ó chiliméadar go ciliméadar thar thréimhse 9 lá. Dúirt *Cormac Ó Feinneadha, Bainisteoir Rith*: “Is taispeántas fisiciúil é Rith 2014 ar thacaíocht an phobail don Ghaeilge agus beidh deis ag daoine páirt a ghlacadh ann trí urraíocht a dhéanamh ar chiliméadar, teacht amach agus cuid den chúrsa a rith, nó teacht amach agus tacú leis na reathaithe. Tá gach eolas faoi Rith 2014 ar *www.rith.ie <http://www.rith.ie>*.” Beidh ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge gnóthach an deireadh seachtaine seo chomh maith agus iad ag freastal ar imeachtaí ó cheann ceann na tíre. Beidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill, TG4, i Meánscoil Loreto, Bré, inniu chun scéim nua do scoileanna, An Ghaelbhratach, a sheoladh. Tá an scéim á maoiniú ag Foras na Gaeilge agus tá Conradh na Gaeilge agus Gael Linn ag comhoibriú ar an tionscnamh. Dúirt *Máire Treasa*: “Is scéim spreagúil, ghníomhach agus nuálach í seo do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge cumarsáidí i measc phobail iomlána na scoileanna sin atá páirteach. Mar thoradh ar a gcuid oibre ar son na teanga, agus nuair atá spriocanna áirithe bainte amach acu, beidh scoileanna i dteideal cur isteach ar bhratach le cur ar foluain i gclós na scoile.” Beidh Lynette Fay, BBC Raidió Uladh, i mbun oibre don deireadh seachtaine chomh maith agus í mar aoi speisialta ag babhta ceannais an chomórtais scoile d’amhrán nua-chumtha Gaeilge, *BEO*, Dé hAoine, 7 Márta. Beidh scoileanna as Corcaigh, Luimneach, An Mhí, Cill Chainnigh agus Dún na nGall ag glacadh páirte sa bhabhta ceannais i Leitir Ceanainn agus beidh Barbara Nic Dhonnacha, TG4; Nadine Ní Mhaoldomhnaigh, TV3; Cian Mac Cárthaigh, Raidió na Life; Jackie Hayden, Hot Press; agus Paddy McKenna, 2FM; ina moltóirí. Tá níos mó eolais ar fáil ar www.beoireland.com. Ar aghaidh linn go Doire, áit a mbeidh Lynette ina bean an tí do cheolchoirm speisialta, *Ceol na mBan*, á reáchtáil i gCultúrlann Uí Chanáin i gCathair Dhoire Dé Sathairn, 8 Márta ag 20:00. Beidh ceol agus amhránaíocht ó Laoise Kelly, Síoda, Alana Henderson agus Emma Sweeney don cheiliúradh dúbailte seo ar son Sheachtain na Gaeilge agus Lá Idirnáisiúnta na mBan. Beidh a lán imeachtaí eile ar siúl an deireadh seachtaine ar fad do Sheachtain na Gaeilge 2014, ina n-áirítear ceolchoirmeacha le Kíla, ceardlanna damhsa, taispeántais scannán agus turais as Gaeilge ar ionaid turasóireachta, mar shampla an Graí Náisiúnta, Reilig Ghlas Naíon, Iarsmalann na Leipreachán agus Iarsmalann Chathair na Gaillimhe. Beidh imeachtaí na féile ar siúl i Sasana, Albain, an Bheilg, Ceanada, Poblacht na Seice, an Fhrainc, an Pholainn agus na Stáit Aontaithe le linn an deireadh seachtaine chomh maith. Is iad grúpaí pobail, scoileanna, údaráis áitiúla, leabharlanna, eagraíochtaí cultúir, spóirt agus ceoil, agus grúpaí eile nach iad a eagraíonn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge mórthimpeall na hÉireann agus an domhain. Tá liosta imeachtaí na féile ar fáil ar *www.snag.ie <http://www.snag.ie>* agus ar aip na féile, *SnaG 2014*, atá ar fáil le híoslódáil saor in aisce ar an AppStore agus Google Play. Is féidir Seachtain na Gaeilge a leanúint ar Facebook (*SeachtainnaGaeilge*) agus ar Twitter (*@SnaGaeilge*).

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-06-29 03:07:37

Admin/login Comments RSS

ILBF