Deireadh seachtaine cultúrtha, cruthaitheach i nGaeltacht na nDéise

ealaíona, náisiúnta, nuacht, Nuacht24
RÁITEAS NUACHTA                            27 Lúnasa 2014
Deireadh seachtaine cultúrtha, cruthaitheach i nGaeltacht nanDéise
Ag tosnú ar Oíche Chultúir, 19 Meán Fómhair

Mar chuid de thogra turasóireachta cultúrtha i nGaeltacht na nDéise (eagraithe ag
Comhlucht Forbartha na nDéise), tá pacáiste curtha le chéile do dhaoine gur suim leo
deireadh seachtaine a chaitheamh sa Rinn agus sa Sean Phobal, ag tosnú ar an Oíche
Chultúir, 19 Meán Fómhair.  Tá an pácáiste seo dírithe orthu siúd gur suim leo an
cultúr Gaelach, agus é oiriúnach go speisialta do ghrúpaí beaga nó beirt ag roinnt. 
Beidh lóistín, béilí agus na himeachtaí ar fad eagraithe mar chuid den deireadh
seachtaine.  Níl Gaeilge riachtanach don deireadh seachtaine, ach go mbeadh daoine
báúil leis an teanga.  Tá 22 spás ar fáil don deireadh seachtaine, beirt ag cur in
áirithe le chéile nó grúpaí níos mó.
Tosnóidh an deireadh seachtaine ar an Aoine, 19 Meán Fómhair le fáiltiú i nDánlann
Joan Clancy, atá lonnaithe ar imeall cuan Dhún Garbhán.  Beidh taispeántas ealaíne
nua á oscailt ag Joan ar an oíche.  Beidh ceol traidisiúnta ar an Aoine agus ar an
Satharn i dtábhairní áitiúla Tigh an Cheoil agus Tigh Uí Mhuirithe. Beidh siúlóidí
treoraithe sa Rinn agus san Aird Mhór mar chuid de na himeachtaí, maraon le turas ar
Choláiste na Rinne.  Is sa Choláiste a bheidh béile speisialta oíche Shathairn, le
bialann ‘pop-up’ curtha le chéile don ócáid.  Tá lóistín d’ardchaighdeán mar chuid
den phacáiste seo, aitheanta ag Fáilte Ireland.  Tá seomraí B&B ar fáil ag Dún Ard
(5*), nó Gortnadiha Lodge (4*) (€150 don duine ag roinnt do dhá oíche, leaba agus
bricfeasta, lón agus dinnéar ar an Satharn, maraon leis na himeachtaí eile) nó beidh
teach ar fáil do ghrúpa d’ochtar (clann, cairde nó grúpa beag) ag tigh feirme Browns
(€130 don duine, ag roinnt, féinfhreastal).  Is fiú féachaint ar Trip Advisor chun
tuairim a fháil faoin trí áit seo d’ardchaighdeán.
Beidh am saor ag daoine chomh maith mar chuid den deireadh seachtaine chun am a
thabhairt do dhaoine a slí féin a dhéanamh timpeall ar an gceantar álainn seo. 
Beidh deis ag daoine folcadáin fheamainne a bhlaiseadh ag Sólás na Mara in Heilbhic,
cuairt a thabhairt ar Chriostal na Rinne nó bualadh isteach chuig Tigh Uí Mhuirithe
nó John Pauls sa Sean Phobal nó más mian le daoine cuairt a thabhairt ar Dhún
Garbhán agus ar an Aird Mhór.
Is féidir eolas a fháil faoin deireadh seachtaine ag
www.deise.ie<http://www.deise.ie> nó glaoch a chur ar 058-46664 nó ríomh-phost a
chur go dtí myhandsonevents@gmail.com<mailto:myhandsonevents@gmail.com>

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive