Deireadh le maoiniú do An tUltach, Feasta, Gaelport – agus neamhchinnteacht faoi irisí eile

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deireadh le maoiniú do An tUltach, Feasta, Gaelport – agus neamhchinnteacht faoi irisí eile

 

Ráiteas a chuir Foras na Gaeilge ar fáil do An Tuairisceoir

www.antuairisceoir.com

Tiocfaidh deireadh leis an chóras reatha maoinithe do na heagraíochtaí bunmhaoinithe ar 30 Meitheamh 2014 agus beidh socrú nua maoinithe i bhfeidhm ón 1 Iúil do na sé cheanneagraíocht atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge.

Ciallaíonn sé seo go dtiocfaidh deireadh le maoiniú don iris Feasta (iris Chonradh na Gaeilge) agus don iris An tUltach (iris Chomhaltas Uladh) ar an dáta seo. Beidh plé ar súil le Conradh na Gaeilge maidir le tosaíochtaí maoinithe don ceanneagraíocht nua idir seo agus deireadh mí an Mheithimh.

Ar an dóigh céanna tiocfaidh deireadh le maoiniú Chomhdhail Naisiúnta na Gaeilge do Ghaelport.com (seirbhís eolais leictreonach). Beidh plé ar siúl leis na páirtithe leasmhara éagsúla faoin tseirbhís eolais leictreonach idir seo agus deireadh mí an Mheithimh.

Maidir le NÓSmag agus www.beo.ie beidh deireadh leis an dá chonradh seo ar 30 Meitheamh 2014 agus tá tuilleadh plé le déanamh faoin cheist seo sna míonna atá romhainn.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-22 18:15:30

Admin/login Comments RSS

ILBF