Dearg le Fearg – an chéad chéim eile

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá 700 anois ag leanstan an leathanaigh seo ar Facebook. Tá muid i ndiaidh éacht a dhéanamh. Thug muid na mílte daoine amach ar na sráideanna sa phríomhchathair ag deireadh na seachtaine agus thug muid teachtaireacht láidir don rialtas.
Ach caidé an chéad chéim eile?
An suífidh muid siar ar ár dtóin, ag déanamh comhghairdis lena chéile fán Lá Mór a bhí againn, nó an dtabharfaidh muid spiorad an Lae Móir ar ais abhaile linn agus toiseacht a thógáil san áit ina bhfuil cónaí orainn?
Má chuirtear deireadh leis an bhrú, sleamhnóidh muid siar arís go dtí an áit ina bhfuil na “boic” compórdach.
Ná bíodh amhras ort. Níl said compórdach anois. Bhí sin le cluinstin ar Raidió na Gaeltachta ar maidin Dé Luain. Ní leor na freagraí (nó neamh-fhreagraí) glice níos mó. Tugadh dúshlán na bpolaiteoirí i mBaile Átha Cliath ar 15ú Feabhra agus, má thugann muid spás dóibh, beidh said ar ais ar na sean-chleasanna céanna, ag geallstan na gealaí dúinn nuair a tá said ag goid na gréine dínn.
Sin an fáth go bhfuil an leathanach seo ag fanacht beo.
Níl an troid ach ag toiseacht.
Beidh léirsiú ag deireadh na seachtaine seo i gConamara.
Beidh ceann eile i mBéal Feirste i mí Aibreáin agus súil againn go mbeidh go leor eile fríd an tír in áiteacha eile idir an dá linn.
Úsáid an leathanach seo le léirsithe áitiúla a fhógairt nó le céimeanna chun tosaigh a phlé le daoine as ceantracha eile.
Is linn an teanga.
Is linn an troid ar son na teangan.
Fanaimís Dearg le Fearg!

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-23 07:54:37

Admin/login Comments RSS

ILBF