Déanfaidh an Samhail Nua Maoinithe dochar mór ó thuaidh – Doiminic Bradley

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dúirt Urlabhraí Gaeilge  Pháirtí Daonlathach Sóisialta an Lucht Oibre, Dominic Bradley, inniu nach bhfuil an Páirtí sásta leis an chinneadh atá déanta ag Foras na Gaeilge maidir le maoiniú eagraíochtaí a chuireann an Ghaeilge chun tosaigh ar an oileán seo.    Ag labhairt dó I ndiaidh chruinniú den Pháirtí inniu dúirt an Brolchánach: “Tá moltaí Fhoras na Gaeilge á gcur i bhfeidhm in éadan thoil na n-eagraíochtaí Gaeilge. Le 4 bhliain anuas, cháin na heagrais uilig go léir próiseas agus moltaí an Fhorais – fiú amháin iad siúd atá i ndiaidh teacht slán   as an phróiseas mar cheann-eagraíochtaí.  Chuir na heagraíochtaí – agus pobal na Gaeilge go ginearálta go  láidir in aghaidh na moltaí ach tugadh an chluas bhodhar dóibh.  Níl aon amhras fá dtaobh de ach go ndéanfaidh na hathruithe seo an-dochar do chur chun cinn na Gaeilge go háirithe sa Tuaisceart anseo áit a gcaillfidh Pobal, Forbairt Feirste, Iontaobhas Ultach, agus Altram agus eagrais eile nach iad maoiniú mar gheall orthu.    “Bhí ar ionadaithe Fhoras na Gaeilge fianaise agus míniúchán a thabhairt ag Stormont don Choiste Cultúr, Ealaíon agus Fóillíochta i dtaca leis an phróiseas seo.   Ach is léir nach raibh rún ar bith ag an fhoras  na moltaí seo a fheabhsú agus cé gur cuireadh in iúl dá chuid feidhmeannach go ndéanfaidís scrois ar an earnáil Gaeilge sa Tuaisceart chuaigh said ar aghaidh leofa beag beann ar a dúradh leo.   “D’éirigh linn moill a chur ar chur i bhfeidhm na moltaí ach i ndeireadh na dála bhí Foras na Gaeilge diongbháilte ar dhul ar aghaidh leo.  Níl aon bhunús taighde soctheangeolaíocht faoin cur chuige nua seo agus ní fios cén toradh fadtéarmach a bheas leis.  Tá rud amháin cinnte – go ndéanfaidh sé dochar mór sa ghearrthéarma.  Caillfear eagraíochtaí agus foirne a bhfuil sainscileanna agus sáineolas acu nach mbeidh ar fáil go furasta áit ar bith eile.   “Cé go bhfuil muidne sásta le cur chun cinn na teanga ar bhonn oileanda ní chreideann muid go gciallaíonn sé sin go caithfear gach rud a lárnú i mBaile Átha Cliath mar a tharlóidh anois faoi mholtaí an Fhorais.  Beidh muid ag bualadh leis na heagraíochtaí is mó atá thíos leis na socruithe nua féachaint cad é is féidir a dhéanamh le deis maireachtála a thabhairt dóibh.  Caithfear sainscileanna agus saineolas na ndaoine sin a bhfuil a gcuid postanna i mbaol a choinneáil taobh istigh d’earnáil na Gaeilge. Agus 6 eagras atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath ceaptha ag Foras na Gaeilge, tá gá anois le meicníocht le tacú le cur chuige feidearálach idir na ceanneagrais agus na heagrais ó thuaidh a bhfuil saineolas acu.   Chomh maith le sin, os rud é gurb as an Deisceart do stiúrthóirí ar fad na 6 eagras nua -ceaptha ag Foras, beidh gá le líon ar leith de phost a bhfuil údarás agus ceannasaíocht  bainteach leo dóibh siúd sna heagraíochtaí ó thuaidh a chaill amach. Gan sin, beidh guth, tionchar agus riachtanais an Tuaiscirt thíos go mór. Níl míniúchán tugtha ar cén beartais a bheadh ann le cinntiú go gcaitear leis an heagrais ó thuaidh go cothrom, agus is léir nach féidir na socruithe seo a fhágáil faoi Fhoras na Gaeilge.  Ba mhaith liomsa dearcadh an Aire a fháil ar na bealaí inar féidir linn saineolas agus sainscileanna na n-eagras agus na ndaoine a bhfuil ar tí a maoiniú a chailleadh a chothú agus a chosaint leis an Ghaeilge a chur chun cinn anseo sa Tuaisceart.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 15:35:01

Admin/login Comments RSS

ILBF