Déan scannal Kincora a fhiosrú fosta – duine acu siúd a ionsaíodh ann

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir fear a ionsaíodh i dteach na ndaoine óga ag Kincora agus é ina pháiste go mba cheart d’fhiosrúchán rialtas na Breataine ar eachtraí den tsórt céanna sa  Bhreatain plé le Kincora fosta. Bhí líomhaintí ann ag an am agus ó druideadh an t-áras do dhaoine óga go raibh drochíde gnéisiúil ar pháistí ag dul ar aghaidh ann agus go raibh dúmhal ar bun ag seirbhísí faisnéise na Breataine ar roinnt daoine aitheanta a bhí páirteach san ídiú sin. Deir Clint Massey, a ionsaíodh agus é ina dhéagóir, go mba cheart do rialtas na Breataine iniúchadh ceart a dhéanamh ar a raibh ar siúil ag Kincora Boys Home sna 1970í. Tá Mike Nesbitt ón UUP agus Amnesty International ó thuaidh ag tacú leis. Ach deir an leasChéad Aire Martin Mc Guinness go mba cheart go mbeadh fiosrúchán idirnáisiúnta ann cionn is na liomhaintí go raibh lámh ag seirbhísí faisnéise na Breataine sa ghnó.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-26 06:33:13

Admin/login Comments RSS

ILBF