Deán machnamh air – comhairle Peter Robinson do lucht agóide na mbratacha

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar le Peter Robinson go mba cheart do dhuine ar bith atá ag smaoineamh ar dhul i mbun agóide ar cheist an bhrataigh ó thuaidh idir seo agus an Nollaig machnamh faoi na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann do jabanna agus do ghnó. Chaill lucht gnó i mBéal Feirste luach £15m de ghnó i mbéal na Nollag anuraidh mar gheall ar léirsitheoirí agus rinne lucht léirsithe ionsaí ar Halla na Cathrach agus rinne scrios i roinnt ceantracha sa chathair. Deir an Chéad Aire ó thuaidh go bhfuil scéaltaí is tuairiscithe faighte aige go bhfuil agóidí le bheith ann idir seo agus an Nollaig agus go bhfuil sé ag mearbhú do dhaoine a machnaimh a dhéanamh faoin impleacht do jabanna má bhíonn siad páirteach ina macasamhail.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 18:43:07

Admin/login Comments RSS

ILBF