Dealbha ag bogadaigh, Molly Malone bailithe léi

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá dealbh Molly Malone atá ag bun Sráid Grafton ó 1988 ar aghaidh bailithe léi anois agus obair le tosú go luath ar an líne LUAS nua a cheanglóidh Cabrach le Faiche Stiofáin. Tugadh an dealbh féin , seacht dtonna agus déanta de chré-umha, tugadh ar shiúil ar leoraí aréir é agus tógfar an plionta ar shiúil ar ball. Beidh glanadh sé seachtain i gceist sula mbogfar an dealbh ar ais go lár Bhaile Átha Cliath ach seachas dul ar ais san áit a bhíodh sé roimhe seo beidh sé á lonnú ar Sráid Sussex.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-19 15:02:44

Admin/login Comments RSS

ILBF