Dealbh le tógáil i gcuimhne ar Pháidí Ó Sé

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Fógrófar sonraí anocht de phlean chun dealbh cuimheacháin a thógáil i gcuimhne ar Pháidí Ó Sé. Beidh an dealbh á cur ag an Ard Mór, cóngarach don áit a saolaíodh é i gCeann Trá, i gcroílár Ghaeltacht Chiarraí. Cailleadh Páidí Ó Sé  15 Nollaig, 2012. Rinneadh a chlú agus é ag imirt sna foirne iontacha a bhí ag Ciarraí feadh na seachtóidí agus na hochtóidí, agus bhí sé ina chaptaen ón bhliain 1985 ar aghaidh. Bhuaigh sé cúig ghradam Sárimreora i ndiaidh a chéile idir na blianta 1981 agus 1985.  Chaith sé tamall fosta i mbun na bainisteoireachta le Ciarraí, leis an Chlár agus leis an IarMhí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 16:35:04

Admin/login Comments RSS

ILBF