David Mc Clarty, ball tionóil neamhspleách Aontachtach, i ndiaidh a bháis

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ó thuaidh fuair an ball tionóil Aontachtach neamhspleách David Mc Clarty bás ar maidin agus é in aois 63 bliain. Bhí ailse air le tamall anuas. Ba bhall den UUP é cuid mhór dá shaol agus ina ionadaí polaitiúil ag an pháirtí i gContae Dhoire ar feadh i bhfad. Ach nuair a bhain an páirtí den liosta iarrthóirí é in 2011 chuaigh sé chun tosaigh ina n-ainneoin agus bhain an suíochán mar Aontachtach neamhspleách. Rinne páirtí nua Basil Mc Crea, NI21, iarracht lena mhealladh isteach ann agus bhí sé báúil lena bpolasaithe ach ní dheachaigh sé isteach ann.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 15:10:14

Admin/login Comments RSS

ILBF