Dá phost á bhfógairt ag Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá dhá phost á bhfógairt ag Cultúrlann Uí Chanáin, Doire. Gach eolas thíos.

 

Oifigeach Margaíochta agus Taighde (37.5 uaire sa tseachtain)

Tuarastal: £22,581 sa bhliain (NJC Scála 6 – Pointe 26)

Aidhm an phoist: Beidh freagracht fhor-iomlán ag an té a cheaptar Clár Ealaíon Gaeilge Chultúrlann Uí Chanáin a chur chun cinn.

Sonraíocht Duine – Critéir Riachtanacha

  • Céim sa Mhargaíocht nó cáilíocht 3ú Leibhéil ábhartha eile & 3 bliana taithí ábhartha.
  • Ardchaighdeán líofachta sa Ghaeilge inmhianaithe.
  • Tá sé de cheart ag An Ghaeláras cur leis na critéir ar mhaithe le gearrliostáil.
  • Lánsonraíocht ar fáil ó Chultúrlann Uí Chanáin, 028 7126 4132, ailish@culturlann-doire.ie.

Iarratais scríofa le C.V. reatha chuig: An Príomhfheidhmeannach, Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire BT48 7DF faoi 12 nóin Dé Luain 19ú Bealtaine 2014.
Oifigeach Forbartha Féilte (37.5 uaire sa tseachtain)

Tuarastal: £23,000 sa bhliain

Aidhm an phoist: Beidh freagracht fhor-iomlán ag an té a cheaptar féilte reatha a tharraingt agus cinn úra a fhorbairt.

Sonraíocht Duine – Critéir Riachtanacha

  • Céim ábhartha nó 3 bliana taithí ag seachadadh féilte agus imeachtaí.
  • Ardchaighdeán líofachta sa Ghaeilge inmhianaithe.
  • Tá sé de cheart ag An Ghaeláras cur leis na critéir ar mhaithe le gearrliostáil.
  • Lánsonraíocht ar fáil ó Chultúrlann Uí Chanáin, 028 7126 4132, ailish@culturlann-doire.ie.

Iarratais scríofa le C.V. reatha chuig: An Príomhfheidhmeannach, Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire BT48 7DF faoi 12 nóin Dé Luain 19ú Bealtaine 2014.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 22:09:46

Admin/login Comments RSS

ILBF