CURIARRACHT DHOMHANDA BAINTE AMACH DON CHOMHRÁ GAEILGE IS FAIDE RIAMH!

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

CURIARRACHT DHOMHANDA BAINTE AMACH DON CHOMHRÁ GAEILGE IS FAIDE RIAMH!

 

Tá an churiarracht dhomhanda bainte amach ag Comhrá ’14 don chomhrá Gaeilge is faide riamh, a lean ar aghaidh gan stad ar feadh 169 uair a’ chloig ó Dé Domhnaigh seo caite, 5 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh, 12 Deireadh Fómhair, ag 1in.

 

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: “Táimid an-tuirseach ach iontach sásta go bhfuil an churiarracht bainte amach againn! Bhí seachtain an-dúshlánach ann ach fuair an feachtas tacaíocht iontach ó ghrúpaí sa phobal a fud an domhain agus is mar gheall air sin gur éirigh leis an gcuriarracht. Tá ardmholadh agus buíochas le dul do gach grúpa a ghlac páirt agus a thug spreagadh agus spiorad don iarracht mar ní bheadh an éacht bainte amach againn gan iad. Ní neart go cur le chéile!

 

Bhí Comhrá ’14 á shruthú beo ar www.snag.ie agus is tríd an sruthú beo seo a nascadh an tsraith de chiorcail chomhrá Ghaeilge ó áiteanna ar fud na cruinne i rith na seachtaine ar leith seo. Bhí deis ag an bpobal trí chéile páirt a ghlacadh tríd an gcomhrá a leanúint beo ar www.snag.ie agus chuir siad teachtaireachtaí Twitter chuig na rannpháirtithe agus lucht féachana trí úsáid a bhaint as an haischlib #Comhrá14.

 

Tá clár ama Comhrá ’14 agus liosta na ngrúpaí rannpháirteacha le feiceáil ar www.snag.ie agus tá tuilleadh eolais faoin gcuriarracht ar fáil ó oifig Sheachtain na Gaeilge ar +353 (0)1 4757401 comhra@cnag.ie.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 16:08:06

Admin/login Comments RSS

ILBF