Curadach nua do dhuine de na daoine a ‘dimigh as radharc’ ó thuaidh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tosófar go luath ar chuardach portach i gCo na Mí do thaisí duine de na daoine a fuadaíodh ó thuaidh agus a d’imigh as radharc. An tIRA a mharaigh Breandan Megraw in 1978 agus iad ag maíomh gur spiaire a bhí ann. Ní bhfuarthas a chorp riamh cé go ndearnadh cuardach i roinnt áiteanna féacháil le teacht air. Dar le Coimisiún na nÍospartach go bhfuil eolas nua faighte acu agus go dtosóidh siad go luath ag cuardach i gCo na Mí, i bportach, do thaisí Breandan Megraw.  Fuarthas naoi gcorp acu sin ar fhuadaigh agus ar mharaigh an tIRA – INLA ach tá seacht gcorp ar iarraidh i rith an ama. Maíonn an tIRA nach iad a bhí freagrach as imeacht as radharc beirt den seisear sin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive