Cuireann Kelly fáilte roimh fhorbairt scoile

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Preas ráiteas

 

Cuireann Kelly fáilte roimh fhorbairt scoile

 

Chuir CTR Shinn Féin Gerry Kelly fáilte roimh thús na hoibre ar an £4m d’fhorbairt  ag Bunscoil Bheann Mhadagáin i dtuaisceart Bhéal Feirste.

 

I ndiaidh don Aire Oideachais John O’Dowd an chéad fhód a bhaint ar an tsuíomh, dúirt an CTR Feirsteach:

 

“Is borradh ollmhór é don cheantar, an tús atá curtha leis an obair ar an fhorbairt  ilmhilliún punt seo ag Bunscoil Bheann Mhadagáin agus cuirfidh daltaÍ agus tuismitheoirí araon fáilte roimhe.

 

“Tá obair iontach idir lámha ag foireann na bunscoile le tamall anuas i gcomhthéacs an-dúshlánach. Anois beidh áiseanna den chéad scoth ar fáil chun cur agus leanstan leis an obair sin.

 

“Is infheistíocht suntasach í seo ón Aire Oideachais John O’Dowd a léiríonn  an tacú méadaitheach atá ann don Ghaeilge i dtuaisceart Bhéal Feirste.

 

“Mar chuid den fhorbairt beidh áiseanna den chéad scoth ann don spórt le páirc imeartha úr thuilshoilsithe agus seomraí feistis feabhsaithe ar fáil don scoil agus do chumainn áitiúla spóirt.

 

“Cuirfidh an fhorbairt seo le Bunscoil Bheann Mhadagáin mar chuid lárnach de phobal thuaisceart  Bhéal Feirste.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 18:05:47

Admin/login Comments RSS

ILBF