Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh Gmail as Gaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Nuacht Ráiteas: Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh Gmail as Gaeilge

 

11.12.14

 

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh an seirbhís nua Gmail i nGaeilge a sheol Google ina Cheannáras i mBaile Átha Cliath inniu.

 

 

Dúirt Julian De Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

 

“Lorgaíomar an tseirbhís seo i rith Bliain na Gaeilge i 2013 agus tá ard-mholadh tuilte ag Google gur chur siad ar fáil chomh sciopaidh é. Tá ard-mholadh tuillte freisin ag na hoibrithe deonacha ar fad a ghlac páirt sa dtionscadal seo, agus tá pobal na Gaeilge ag tnú go mór leis an seirbhís a úsáid!”

 

Dúirt Sinéad Ní Domhnaill, Bainisteoir Gníomhach Sheachtain na Gaeilge:

 

“Is iontach an uirlis an seirbhís seo do ghach éinne atá ag iarraidh cúntas ríomhphost trí Ghaeilge a úsáid. Cabhróidh sé go mór le gnóanna agus le daoine atá ag iarradh níos mó Gaeilge a úsáid ina saol. Is deá-shampla é do chomhlachtaí eile cé chomh simplí agus chomh tapaidh gur féidir seirbhísí sásúla trí Ghaeilge ar chur ar fáil más mian leo é sin a dhéanamh. Tá súil againn go spreagfaidh Gmail i nGaeilge comhlachtaí eile chun an rogha dearfach chéanna a dhéanamh!”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-26 06:39:51

Admin/login Comments RSS

ILBF