Cuireadh 131 páiste chun na hAstráile mar imircigh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an Coiste atá ag fiosrú drochíde in hinsitiúidí ó thuaidh i ndiaidh tabhairt le fios gur cuireadh 131 páiste mar imircigh chuig an Astráil sa thréimhse idir 1922 agus 1995. Meastar go dtabharfaidh tuairim is 50 duine acu sin fianaise don choiste fiosrúcháin ar ball agus go gcuirfidh siad síos ar an chruatán a d’fhulaing siad san Astráil agus faoi ionsaithe gnéis a rinneadh orthu mar aon le drochíde eile a tugadh dóibh. Ba ó tithe a bhí faoi smacht Siúireacha Nazareth bunús na bpáistí a cuireadh chuig an Astráil. Dar le duine amháin de na daoine a cuireadh chun na hAstráile go raibh siad á gcur ansin ‘mar a bheadh coirpigh bheaga ann.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-29 16:05:34

Admin/login Comments RSS

ILBF