Cuir ort d’éadaí dearga is gile agus chun sráide leat don Lá Dearg – Róise Ní Thoirealaigh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cuir ort d’éadaí dearga is gile agus chun sráide leat don Lá Dearg – Róise Ní Thoirealaigh

 

Tá Róise Ní Thoirealaigh CTR, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin ag iarraidh ar na daoine uilig atá báúil do Chearta na Gaeilge teacht amach ar an mhórshiúl don Lá Dearg ar an tSatharn seo chugainn. Dúirt Róise Ní Thoirealaigh: “Baineann sé le cearta agus cóir a éileamh do Ghaeilgeoirí sa tuaisceart agus sa deisceart. “Mholfainn d’achan Ghaeilgeoir agus dóibh siúd atá ag lorg comhionannais, Acht Gaeilge a éileamh agus bheith linn ar an mhórshiúl. “Beidh ionadaithe, gníomhaithe agus tacadóirí Shinn Féin ag teacht le chéile ag An Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál ag 2in le siúl go dtí Cearnóg Theach an Chustaim i lár na cathrach áit a mbeidh ceol is craic ann.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive